Craobh Iomána BGE Fé 21 – Cluiche Leathcheannais na hÉireann – Aontroim v Loch Garman – 24/8/2013
Cathal Moore
Aontroim cáillithe don chluiche ceannais…..Cé a chreidfeadh é agus bua tuillte go maith acu. Is féidir a rá go raibh an t-ádh leo leis an chéad chúl a d’aimsigh siad ach as sin amach iadsan a bhí in uachtar ar fud na páirce. D’oibrigh an plean imeartha a bhí acu a d’fhág beirt sa line lán tosaigh agus rinne Shane Dooey obair na gcapaill dóibh ag cabhrú lár páirce. D’oibrigh siad an-chrua ar fud na páirce agus níor thugadar spas ná am do na Carmanaigh. D’imir na leaids sa lár ar fheabhas. Bhí an lán cúlaí Matthew Donnelly ina rí ar imeall na cearnóige agus thug an captaen Jackson McGreevey an-cheannaireacht lár páirce. Ach é sin ráite is iad scóranna a bhuann cluiche agus bhí laochra acu i measc na dtosaithe, Niall McKenna (0-2), Ciarán Clarke (1-5, 0-5PS) agus laoch na himeartha Stephan McAfee (1-4).
Beidh imreoirí Loch Garman díomach ach níor imir siad sách maith inniú. Rinne Conor McDonald agus Barry Carton an iarracht ach ní fhaca siad seilbh na liathróide minic go leor sa line lán tosaigh. Bhí sé ródhéanach nuair a rinneadh na hathruithe. Níor dhúisigh siad in am agus cé nach raibh ach farasbarr de dhá chúilín eatarthu sa deireadh bhí an cluiche thart deich nóiméad roimhe sin i ndáiríre. Lá stairúil d’Aontroim ach an féidir leo céim níos faide a thógáil?
Craobh Iomána BGE Fé 21 – Cluiche Leathcheannais na hÉireann – An Clár v Gaillimh – 24/8/2013
Bua chuimsitheach go maith ag an gClár sa deireadh ach bhí an cluiche idir dhá cheann na meá ag leath ama. Bhí caighdeán na himeartha sa chéad leath uafásach ar fad. Níor aimsíodh ach sé scór ón imirt ar fad agus bhí lár na páirce plódaithe rómhinic. Ag am a cinnt bhí naonúr as chaon taobh idir na línte 65 ag iarraidh teacht ar an liathróid. B’iad Gaillimh a bhí níos sásta ag leath ama cé go raibh an Clár dhá chúilín chun tosaigh.
D’imir an Clár i bhfad níos fearr sa dara leath. Ar chúis éigin bhí níos mó spáis ann lár páirce agus scóráil na tosaithe ar fad ón imirt. Bhí Davy O’Halloran agus Peter Duggan an-fheicéalach ar fad ach b’é Cathal O’Connell a bhí lárnach san imirt i gcónaí agus d’aimsigh sé 1-06 (5PS) a léiríonn easpa smachta i measc cosantóirí na Gaillimhe. Bhí an bua chomh heasca ná go raibh Tony Kelly, Colm Galvin agus Padraic Collins bainte agus deich nóiméad fágtha. Laoch na imeartha bronnta arís ar David McInerney a bhí dochloíte ar imeall na cearnóige. D’imir Stephen O’Halloran an-chluiche freisin.
Ní raibh Conor Cooney ná Jonathan Glynn san imirt minic go leor agus níor scóráil Gaillimh ach 0-7 sa chluiche ar fad. Ní leor é sin. An mbeidh an Clár ábalta dhá Chraobh F-21 a chur le chéile? Bígí ann i nDurlas i Meán Fómhair!
Cathal de Mórdha, blog GAA Beo