Cluiche Ceannais Corn Mhic Giobúin – Coláiste Mhuire Gan Smál v Coláiste na hOllscoile, Corcaigh – 2/3/2013
An scéal is mó roimh an gcluiche seo ná go raibh cead faighte ag Conor Cooney imirt le Coláiste Mhuire gan Smál. Ba mhór an buntáiste dóibh freisin nuair a d’éirigh le Declan Hannon ina achomharc.
Le bheith fírinneach bhí caighdeán na himeartha íseal go maith go háirithe sa chéad leath. Bhreatnaigh na himreoirí tuirseach go maith tar éis na cluichí leathcheannais an lá roimhe.
D’imir Corcaigh níos fearr agus bhí an bua tuillte acu sa deireadh. Bhí na fir mhóra William Egan, Dara Fives agus Conor Lehane an-fheicéalach i rith an chluiche. Fuair siad tacaíocht iontach ó Paul Haughney, Brian O’Sullivan agus an ionadaí Adrian Breen. Thug an captaen Darren McCarthy sár-thaispeántas sa chúl freisin.
Beidh Coláiste Mhuire Gan Smál díomách ach ba léir ón tús nach raibh an fuinneamh acu mar gheall ar an iarracht a chuir siad isteach i gcoinne WIT an lá roimhe. Ní fhaca John Conlon morán den imirt agus chríochnaigh sé gan scór ón imirt. D’fhág siad beirt sa líne lán tosaigh ach níor éirigh leo leis an bplean sin. Níl aon amhras ach go raibh seansanna acu ach tháinig na cúil ró-dhéanach. Is féidir leo imirt níos fearr agus beidh lá eile acu. Ba mhór an eacht an cluiche ceannais a shroichint. D’aimsigh Conor Lehane 1-9 agus b’é an difríocht idir na foirne ag deireadh an lae.
Cathal de Mórdha, blog GAA Beo