Craobh na gClub – Cluiche Ceannais Iomána Uíbh Fhailí – Biorra v Cill Chormaic-Cill Achaidh – 6/10/2013
Cluiche taitneamhach go leor cé nach raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte. D’fheabhsaigh an imirt sa dara leath. Bhí CC / CA beagán chun tosaigh ó thús an chluiche. Beidh áiféala ar Bhiorra nuair a fhéachann siad siar ar an gcluiche seo. Chuireadar an iomarca seansanna amú ceithre cinn déag san iomlán. Chomh maith leis sin ghéill siad uathu an iomarca pocanna saor go leor acu an-bhog. D’aimsigh Ciaran Slevin naoí gcinn i rith an chluiche. Scóráil cúigear tosaí ón imirt do Chill Chormaic agus b’shin an difríocht idir na foirne sa deireadh. Nach aisteach an rud é go raibh foireann níos láidre ag Biorra sa dara leath go háirithe nuair a tháinig Simon Whelehan isteach mar ionadaí. Throid Dylan Hayden agus Paddy Mullins go fíochmhar dóibh agus d’aimsigh siad ceithre chúilín an duine ón imirt.
An dara craobh as a chéile agus Biorra buailte arís. Éacht déanta ag Cill Chormaic gan amhras. Daniel Currams a scóráil an cúl cinniúnach inniú. D’imir Ciaran Slevin, Ger agus Peter Healion agus Conor Mahon an-mhaith freisin ach an fhadhb is mó a bhí acu anuraidh ná easpa scóranna ón imirt sna tosaithe. Sé chúilín san iomlán a d’aimsigh siad ón imirt. Tá gá le feabhas fós má tá sé ar intinn acu dul chomh fada le Páirc an Chrócaigh arís.
Cathal de Mórdha, blog GAA Beo
Leave a comment