Craobh na gClub – Cluiche Ceannais Peile Mhuineacháin – Éire Óg an Aonaigh v Luachma-Caisleán Laighnigh – 13/10/2013
TEACHT ANIAR IONTACH AG LUACHMA-CAISLEÁN LAIGHNIGH.
Uaireanta, tagann laoch ar an bhfód in am an ghátair agus tharla sé sin i Staid Semple inné nuair a rinne Noel McGrath éacht thar cuimse sa dara leath de chluiche ceannais Thiobraid Árann i gcoinne Éire Óg an Aonaigh. Chuir Luachma C.L. aon cheann déag de sheansanna amú sa chéad leath agus bhí gach cuma ar an scéal go mbeadh an bua ag Éire Óg. An scór ag leathama 1-7 in aghaidh 0-6. Díreach ó thus an dara leath sin, bhí sé soiléir go raibh imreoir speisialta ar an bpáirc agus bhí sé de phribhléid dúinn máistir a fheiceáil i mbun a cheird.
D’aimsigh sé seacht gcúilín in iomlán, sé cinn sa dara leath agus laghdaigh siad an bearna eatarthu agus nuair a fuair Liam McGrath cúl chun iad a chur chun tosaigh don chéad uair, choimead siad greim ar chúrsaí go dtí an deireadh, cé go raibh seansanna ag Éire Óg freisin sa tréimhse sin. Chaill siad a gcaptaen agus leathchúlaí lár, Eddie Connolly, nuair a thit sé tinn tar-éis an cluiche leathcheannais agus guímis gach rath air agus is léir go ndearna na himreoirí go léir iarracht níos mó ná riamh chun an craobh a bhuachaint dó agus d’éirigh leo. Beidh siad ag imirt i gcluiche leathcheannais an chontae sa pheil le gairid agus da bharr sin, beidh siad ana-ghnóthach ach is cuma leo. Tréaslaimid leo as a ngaisce inné. An scór ag an deireadh: Luachma-Caisleán Laighnigh 1-17 Éire Óg an Aonaigh 1-16.