Feeds:
Posts
Comments

Posts Tagged ‘Carraig Seabhac’

Cluiche Ceannais Chill Chainnigh – Clárach V Carraig Seabhac

Cathal Moore

Cathal Moore

Cluiche taitneamhach go leor cé nach raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte.  Ní raibh na coinníollacha iontach agus bhí an pháirc sleamhain.

D’fheabhsaigh an imirt sa dara leath.  Bhí  Clárach chun tosaigh ó thús an cluiche go dtí leath ama.

Ach fuair Brian Donovan cúl cinniúnach díreach roimh leath ama chun na scóranna a chothromú.

Beidh áiféala ar Charraig Seabhac nuair a fhéachann siad siar ar an gcluiche seo. Ghéill siad uathu an iomarca pocanna saor go leor acu an-bhog.

D’aimsigh Keith Hogan deich gcúilín i rith an chluiche do Chlárach.  7 gcinn a d’aimsigh sé ó phocanna saor.  B’shin an difríocht idir na foirne sa deireadh

Éacht déanta ag Clárach gan amhras lena gcéad craobh ó 1986.  Lester Ryan a scóráil an cúl cinniúnach inniú ó phoc saor nuair a bhí an cuma ar an scéal go mbeadh an bua ag Carraig Seabhac.

D’imir Neal Prendergast agus David Langton thar cionn i measc na gcosantóirí.  Níl cluiche caillte ag Clárach le dhá bhliain anois agus 6 chorn buaite acu ar an mbealach.  Má bhuaileann siad Abhlairt an Bealach an Domhnach seo chugainn is dóigh liomsa go bhfeicfear iad i bPáirc an Chrócaigh ar an 17ú Márta san athbhliain.

Read Full Post »