Craobh Club AIB – Cluiche Ceannais Peile na hÉireann Caisleán an Gharraí v Raonaithe na Croise – 17/3/2012
De ghnáth bíonn sé deacair faire ar chluiche caide i ndiaidh cluiche maith tapaidh iomána. Ach Dé Sathairn tar éis cluiche iontach Loughgiel agus Coolderry do chonaiceamair ard thaispeántais sa chluiche caide a choimeád gach éinne ar tineall go dti go shéid Rory Hickey an fheadóg deiridh.
Tá ard chreidiúint ag dul don dá fhoireann as taispeántas breá caide. Sé seo an sórt caid go breá le gach éinne a fheiscint, an chaid ag bogadh go tapaidh síos suas an ghoirt. Ní le pasanna láimhe ach ag bogadh tré chiceanna fada. Ina theannta seo bhí scóranna iontacha ón dá thaobh agus cad é faor oibre a bhí ar gach imreoir.
Dar le gach éinne ‘s iad Crois Mhic Lionnáin a bhuadh an cluiche seo gan stró toisc an rath atá acu agus chomh maith leis sin an slí go féidir leo buachaint ar fhoirne sa dara leath.
Ó mo thaobh fhéin do agus tar éis dom Caisleán an Gharraí a fheiscint i bhformhór da gcluichí do thugas an-sheans dóibh sa chluiche ceannais seo, sé sin dá mbeadh tús maith acu. Fuaireadar an tús seo agus le ceithre phointe chun cinn ag leath ama bhíodar ag feachaint go maith.
Foireann iontach is ea Crois Mhic Lionnáin agus an babhta seo is é Tony Kernan a dhein mórán don obair chun iad a thabhairt thar nais sa chluiche. Fuair sé cúpla scór deas chomh maith le caideanna iontacha á chuir i dtreo an líne lán tosach.
Bhíos an-thógtha leis an slí ina dtaispeáineann Jamie Clarke gach uair agus nuair a bhi sé i seilbh na caide bhí sé ar nós eascú ag sleamhnú tharais na gcúlaithe. Thug Aaron Kernan agus Oisin McConville ard thaispeántais sa chluiche chomh maith.
Tá roinnt imreoirí Chaisleán an Gharraí thar tríocha agus bhí chuma ortha sa chúig noiméad déag deiridh go raibh na blianta ag teacht suas leo. Arís is é Dessie Dolan an fear is fearr a bhí acu. Ta na cluichí seo ar fad tar éis leaids ar nós Mark McCallum, Tom McHugh , Paddy Mulvihill agus James Dolan a thabhairt chun cinn go mór. Do dhein James ruathair aonair cinniúnach sa dara leath agus thug sé pas dá chol ceathrar Dessie chun pointe a fháil. Ionsparáideach.
Is maith le daoine nuair a scaoileann an réiteoir leis an imirt agus chun a cheart a thabhairt do Rory Hickey do scaoil sé le mórán rud a chabhraigh le cluiche iontach a dhéanamh as. Mar sin fhéin i mo thuairim déanadh éagóir ar bhuachaillí Uladh sa dara leath le roinnt cinneadh a dhein Hickey agus níor cheart Paul Kernan a chuir don ngort. Ní dóigh liom gur dhein sé feall ar Gary Dolan nuair a fuair se an dara carta buí. Ón dtaobh eile don scéal bhí seans le Paul Dillon fanacht ar an ngort nuair a thriail sé ‘header’ a thabhairt do Bhrendan McKeown!
Táim tar éis tabhairt faoi ndeara go bhfuil tréith áirithe in imirt an dhá fhoireann. Tosnaíonn leaideanna na hIarmhí go láidir i ngach cluiche ach ansin tagann an fhoireann eile suas leo roimh deireadh ach fós tugann siad na cosa leo. Maidir le foireann Ard Mhacha, má fhéachann tú ar an gcluiche Dé Sathairn, a gcluiche i gcoinne Chrócaigh Chill Áirne cúpla seachtain ó shin fiú amháin cluiche leath cheannais na bliana seo caite i gcoinne Chrócaigh Chill Mochuda, i ngach ceann acu seo bhí tús lag acu ach chuireadar ard thaispeántais isteach sa dara leath.
Beidh Stephen Kernan thar nais don athimirt agus láidreoidh sé seo fir Chrois. Tá an-mheon oibre ag gach duine acu.
Táim ag súil le ard chluiche eatarthu an chéad lá eile agus arís ceapaim go bhfuil an-sheans ag Caisleán an Gharraí. Tá siad ag feabhsú le gach cluiche agus tá an-mhisneach acu.
Tomás Ó Flatharta, blog GAA Beo
Read Full Post »