Craobh Iomána BGE Fé 21 – Cluiche Leathcheannais na Mumhan – Tiobraid Árann v Corcaigh – 17/7/2013
Tar éis 25 nóiméad bhí Tiobraid Árann deich gcúilín chun cinn agus an cuma ar an scéal go raibh an cluiche thart. Rinne Corcaigh an-teacht aniar roimh leath ama a d’fhág ceithre chúilín idir na foirne ag leath ama. Bhíomar ar fad ag súil le dian choimhlint sa dara leath ach ní mar sin a tharla.
Bua an-easca ag na Tiobradaigh anocht i Stáid Semple sa deireadh. I ngach cluiche bíonn an lámh in uachtar ag foireann ag am faoi leith ach caithfear scóranna a chur ar chlár na scór sa tréimse sin. B’shin an difríocht idir na foirne anocht. I rith an tréimhse sin roimh leath ama scóráil Corcaigh 0-6 ach sa dara leath nuair a bhí Tiobraid Árann in uachtar d’aimsigh siad 2-06. Scóráil naonúr ón imirt do Thiobraid Árann. Ar an lámh eile níor scóráil ach beirt ón imirt do Chorcaigh as na tosaithe a thosaigh an cluiche agus ní leor é sin.
D’imir an líne leath cúl de Joe O Dwyer, Tomás Hamill agus Seamus Kennedy ar fheabas i measc na gcosantóirí do Thiobraid Árann. Thug Niall O’Meara an –taispeántas i rith an chluiche agus chríochnaigh sé le 4 chúilín ón imirt. Bhí Brian Stapleton an-fheicéalach lár páirce agus d’aimsigh Jason Forde 2-07 agus Bill Walsh 2-01 dóibh freisin.
Bhí Tiobraid Árann níos fearr agus níos láidre anocht do Chorcaigh. Is féidir le Conor Lehane imirt níos fearr. Sa chéad leath rinne Brian Murray agus Rob O Shea an-iarracht lár páirce agus rinne Mark Sugrue difríocht nuair a tháining sé isteach mar thosaí. B’e Jamie Coughlan an imreoir is éifeachtaí a bhí ag Corcaigh anocht.
Tá obair le déanamh ag Tiobraid Árann roimh an cluiche ceannais. Ba cheart go mbeadh an cluiche seo thart ag leath ama. Is féidir leo dul céim níos faide i mbliana ar an 8ú Lúnasa agus craobh na Mumhan a bhuacaint ón méid a chonaic mé anocht.
Cathal de Mórdha, blog GAA Beo
Leave a comment