Feeds:
Posts
Comments

Archive for the ‘Corn Mhic Shigiúir’ Category

Cluiche Ceannais Corn Mhic Shigiúir 2012 – 25/02/12

Ní minic a bhí comórtas Chorn Mhic Síoghair i nGaillimh ina ábhar díoma chomh mór agus a bhí comórtas na bliana seo.

Ar pháirc na himeartha bhí bua Ollscoil Chathair Átha Cliath tuillte gan amhras. Bhuail mic léinn na príomhchathrach Ollscoil Uladh Bhaile Mhic Siúrtáin go réasúnta furasta sa chluiche leath-cheannais Dé hAoine, agus rinne siad léirscrios ar fhoireann Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, sa chluiche ceannais. Rinne na tosaithe go háirithe taispeántas ar fheabhas ón tús go dtí an fheadóg dheiridh. Is féidir a rá go bhfuil foireann OCÁC i measc na foirne is láidre a bhuaigh an corn riamh. Comhghairdeas leo.

Ar an drochuair, creideann a lán daoine go bhfuil OCÁC ag éirí roláidir don chomórtas anois. Sna blianta beaga anuas tá foirne OCÁC ag dul ó neart go neart de bharr córas na hollscoile sin a bhronnann pointí acadúla breise do na mórimreoirí spóirt. Agus é ag déanamh an córas ‘iontráil-dhíreach’ seo a chosaint, cuireann an tOllamh Niall Ó Muíneach béim ar an ardú stádais a dhéanann an córas seo do na cluichí náisiúnta san ollscoil agus na cáilíochtaí a bhaineann na himreoirí amach.

Ar an lámh eile de, cuireann an t-ábhar seo isteach ar choláistí eile nach bhfuil an buntáiste céanna ar fáil acu, agus a bhraitheann ar an gcóras CAO. Dúirt roinnt daoine ag deireadh na seachtaine go raibh go leor cruthúnais sa chluiche ceannais nach bhfuil iomaíocht chothrom i gceist ann ar chor ar bith. Cuirfear rialacha níos righine i bhfeidhm ón bhliain seo chugainn amach; mar shampla, seisear imreoir ‘iontráil-dhíreach’ ar a mhéid a bheidh ceadaithe ar aon fhoireann amháin. Ach cibé rialacha atá ann, is dócha go mbeidh OCÁC iontach deacair a chloí sna blianta atá romhainn.

Rud amháin eile a chuir díoma orm: ba bheag an comhchaidreamh nó spraoi traidisiúnta a bhí le feiceáil ag deireadh na seachtaine. Ar an uair dheireanach a tionóladh an comórtas i nGaillimh (2000), d’fhreastal sluaite móra ar na cluichí agus d’fhan formhór na rannpháirtithe agus an lucht tacaíochta timpeall na cathrach go dtí maidin Dé Luain. I mbliana bhí slua beag i láthair, agus chuaigh an chuid is mó de na foirne abhaile roimh thráthnóna Dé Sathairn. An bhfuil an ‘spiorad Sigerson’ imithe go deo?

It was a Sigerson Cup weekend of devastating displays by DCU, but a deflating one for many others.

DCU’s 16-point victory over Maynooth on Saturday was the biggest in a final since exactly 33 years earlier, in 1979, when UCD beat UCG by 19 points. A year later UCG turned the tables by beating UCD in the final, and went on to win four titles in five years. Today, however, few observers expect anything but DCU dominance in the years to come. This year’s winning team was one of the strongest ever to claim the cup, with about a dozen current inter-county players or fringe panellists on board; a premium age-profile, of players mostly in the 22-23 age-bracket, or older; and an excellent standard of preparation.

The margins of DCU’s victory may give a misleading impression of the gap between the teams. UUJ put up a strong challenge to UCD until the last twenty minutes of their semi-final, before falling away. Equally, if the Maynooth players were not affected by stagefright in their first final appearance in 36 years, tiredness from their great victory over UCC (the 2011 champions) in the semi-final probably took its toll in the decider. Indeed, despite the final score, Maynooth earned its place in the final, and had beaten DCU in the league last autumn. And the changing profile of college teams, as players leave and are replaced from year to year, means that victory is never certain.

What sets DCU apart from other colleges, however, are its provisions for elite players to gain ‘direct-entry’ by virtue of sporting ability, rather than by obtaining the specified CAO points requirements. This scheme, which (with a couple of small exceptions) is not replicated in other colleges, gives rise to accusations of unfairness. Some new rules will be in place next year – principally, a restriction on the number of ‘direct-entry’ students to six per team. Some observers suspect that this change will make little difference to the recruitment of students, and DCU’s supremacy will endure.

Whatever the outcome, it is to be hoped that the closing stages of next year’s Sigerson Cup competition will produce more closely contested games, to redeem its reputation somewhat. And perhaps a closing dinner or function could be reintroduced, to revive the social side of an event that has lost much of its sparkle. Or is the old spirit of Sigerson gone for good?

Donal McAnallen, blog GAA BEO.

Read Full Post »

Cluiche Ceannais Corn Mhic Shigiúir 2012 25/02/12

Tháinig mé go Páirc an Phiarsaigh Dé Sathairn seo caite ag súil go mbuafadh Ollscoil Chathair BAC ar Ollscoil Má Nuad ach níor shíl mé go mbeadh sé chomh aon taobhach agus a bhí. Go deimhin dá dtógfadh Ollscoil Chathair BAC na deiseanna uilig scórála a bhí acu bheadh cruth níos measa fós ar chlár na scórála.

Ón chéad noiméad bhí an lámh in uachtar acu. Bhí neart liathróid ag dul isteach go Eoghan O’Gara agus leis sin chríochnaigh sé fhéin Dean Rock nó Paul Flynn formhór na seansanna. Bhí Flynn ar fheabhas ar fad ag rith suas síos na páirce ag déanamh obair na gcapall.Aon uair a rinne Má Nuad ionsaí bhí cosantóirí Ollscoil Chathair BAC sách ábalta deileáil leo. É sin ráite d’oibrigh Mickey Newman, David Quinn agus Sean Hurley ar son na cuise ar feadh tréimhse. San tréimhse sin chiceáil siad cúpla scór deas agus dá bharr sin ní raibh eatarthu ach cúpla pointe ag leath am cé go mb’fhéidir nach raibh sé tuillte acu go h-iomlán.

D’oscail na geataí sa dara leath. Bhí coir beag gaotha ag Ollscoil Chathair BAC agus bhí David Kelly ag imirt. Rinne sé difríocht mór. Bhí páirt aige i go leor scóranna agus fuair sé fhéin cúl deas freisin. I ndáirire bhí an cluiche thart nuair a tháinig Michael Murphy isteach. 2-17 go 0-7 a chríochnaigh an cluiche sa deireadh. Bhí laochra ar fud na páirce ag Ollscoil Chathair BAC ach is iad O’Gara, Flynn, Kelly agus Colm Begley a rinne an difríocht. Thaispeáin siad an taithí atá acu ó a bheith ag imirt peil idir chondae.

Breathnaíonn Ollscoil Chathair BAC an-láidir faoi láthair cé go raibh roinnt ceisteanna ag daoine mar gheall ar na cáilíochtaí acadúil agus córas iontrála a chuireann siad i bhfeidhm théis an cluiche. Cheapfainn go raibh díomá ar mo shean cara John Divilly, bainisteoir Má Nuad, mar gheall ar an taispeántas a thug siad uathu sa dara leath.

Ní raibh seans an cluiche a bhuachtáil ach b’fheidir gur thug siad suas ró luath sa gcluiche. Bhi slua beag ag an gcluiche, rud a chuir díomá ormsa mar i mo thuairimse is comórtas iontach é Corn Mhic Shigiúir. Bhi tuairim is 250 lucht féachana ann. Bhí cuid do na peileadóirí is fearr sa tír ag imirt agus gan ach an slua sin ann. Ar aon nós, comhghairdeas le Ollscoil Chathair BAC.

Seán Ó de Paor, blog GAA BEO.

Read Full Post »