Feeds:
Posts
Comments

Archive for the ‘SRAITH ALLIANZ’ Category

Tar éis ceithre babhta den scoth le roinnt mhaith torthaí suimiúil iontu tá gach foireann i Roinn 1A fós san iomaíocht chun chéim chun tosaigh agus chéim chun deiridh a thógaint! Tá Port Láirge ar bharr (cé a chreidfí) agus an Ghaillimh ar bhun gan ach dhá phointe eatarthu, Casfaidh siad ar a chéile an Domhnaigh seo chomh maith le Cill Chainnigh vs Corcaigh agus Tiobraid Árainn vs An Clár. ‘Super Sunday’ atá ann gan dabht!

Níl ach cluiche amháin buaite ag Corcaigh agus tharla sin sa chéad seachtain agus iad ar fheabhas i gcoinne Tiobraid Árainn. Fós féin tá dhá chomh scór aimsithe acu agus beidh siad ag súil le bua a fháil ar na cait. Tá dhá chluichí buaite acu siúd ach d’fheadfá rá gur thug siad taispeántais níos fearr sna chluichí atá caillte acu! Beidh áthas orthu leithéidí Michael Rice, Michael Fennelly agus Walter Walsh a fháil tharr n-ais ach tar éis dóibh Paul Murphy agus Jackie Tyrell a chailliúint de bharr gortaithe tá an seomra éigeandála dhubh le othair, Henry Shefflin, T.J Reid agus Cillian Buckley ina measc. Tá Lester Ryan agus Ger Aylward ag socrú isteach go deas agus bíonn chontúirt ag baint le Richie Hogan, Eoin Larkin agus Aidan Fogarty i gcónaí. Beidh Brian Cody ag iarraidh taispeántais iomlán óna chuid imreoirí chun a bheith chinnte go mbainfidh siad an cluiche leathcheannais amach.

Tá roinnt mhaith athraithe tagtha ar foireann Corcaigh le blianta anuas agus, mar a dingeadh i 1999 tá béim cuartha ag an óige ag Jimmy Barry Murphy. Is iománaí den scoth é Conor Lehane agus caithfear a bheith tógtha le taispeántais Lorcán McLoughlin chomh maith. Tá cruinneas faoi leith ag Pat Horgan agus cuir é sin leis an All star atá ag cúl báire Anthony Nash agus an taithí atá ag Pa Cronin agus Tom Kenny agus feictear go bhfuil painéil cumasach ag JBM. Tar éis sraith réasúnta mhaith a thug tuilleadh taithí dóibh mar foireann, rud a bhí ag teastáil, beidh siad san iomaíocht sa Craobh níl aon amhras faoi sin. É sin ráithe ní dóigh liom go mbeidh dhóthain acu chun an bua a fháil anseo fiú go fhéadfadh sé bheith ghearr!

Verdict: Cill Chainnigh

Hugh Breathnach

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz – Roinn 1, Babhta 4 – Cill Dara v Ath Cliath  – 10/3/2013

Tomás Ó Flatharta

Tomás Ó Flatharta

Ceithre bhua as cheithre chluiche agus iad ag feabhsú gach seachtain. Bhí Áth Cliath go h-iontach i gcoinne Chill Dara i bPáirc an Chrócaigh. Dhéanadar scun scan do leaids na geansaithe bána sa dara leath.

Cúpla rud faoi na Dubs. I dtosach, táid óg, aclaí agus faor caide orthu. Tá stíl mhaith acu, bogann siad an chaid an-thapaidh suas an pháirc agus tugann siad ana thacaiocht dá chéile.  Bhíodar go hiontach i lar a’ ghoirt, áit inar bhuadar an chuid is mó dos na ciceanna amach.  Tá’s againn cé chomh maith is atá leithéidí Brogan, O’Carroll agus Connolly ach i mbliana tá leaids iontacha óga faighte acu i Cooper, McCaffrey agus Kilkenny. Tá Alan Brogan, James McCarthy, Philly McMahon, agus Kevin Nolan fós le teacht thar nais, agus mar sin beidh sé spéisiúil cén cúigear déag a thosnóidh sa chraobh dóibh.

Beidh Cill Dara thar a bheith díomách leis an slí inar buadh orthu. Bhi an chaid acu go minic sa chéad leath ach bhí sé do cheart acu níos mó scóranna a bheith faighte acu. Beidh orthu féachaint athuair ar a bplean cosanta mar tá a gcúlaithe ag tabhairt an iomarca spáis dos na tosaithe. Áit eile go mbeidh orthu feabhsú ná na ciceanna amach, mar nílid á mbuachaint. Dhéan Johnny Buckley Chiarraí an diabhal ina gcoinne an tseachtain seo caite agus do dheineadh slad orthu leis na ciceanna amach arís inniu. Muna bhfuil siad ábalta a gciceanna amach féin a bhuachaint beidh sé deacair dóibh scóranna a fháil .Cé gur droch lá a bhí ann dóibh inniu, ábhair dóchais dóibh é go bhfuaireadar dhá bháide arís.

Agus cad faoi Garryowen Chiarán Kilkenny? Ní minic a fheiceann tú a leitheid sin do scór.

Tomás  Flatharta, blog GAA Beo

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz, Babtha 2

Ciarraí ———- 0-04  1-11 ———- Ath Cliath

24 ———- Cic Amach Iomlán ———- 09

19 ———- Cic Amach Buaite ———- 12

118 ———- Pas Láimhe ———- 133

47 ———- Pas Coise ———- 74

36 ———- Cic Saoire Géilte ———- 34

4 ———- Scóranna ———- 12

5 ———- Seachaí ———- 12

5 ———- Cárta Buí ———- 2

0 ———- Cárta Dearg ———- 1

Read Full Post »

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 1 – Cill Chainnigh v Corcaigh – 6/5/2012

Pat Fleury

Pat Fleury

TAISPEÁNTAS NEAMHTHRÓCAIREACH Ó CHILL CHAINNIGH !!!!!

Ó am go chéile, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ceapann roinnt daoine go bhfuil Cill Chainnigh ag eirí beagáinín soghonta—-an iomarca imreoirí in easnamh de bharr gortaithe, b’fhéidir, nó seans nach bhfuil an ghoile iontu chomh láidir is a bhí.
Nuair a thagann na ráflaí sin chomh fada le cluasa Brian Cody agus a chuid imreoirí, ní bhíonn ach toradh amháin leis……ba mhóire Dia ar an gcéad dream eile a bhuaileann leo. Sa chás áirithe seo, ba iad imreoirí Chorcaigh a sheas sa bhearna baoil.
Mheabhraigh na Cait dóibh, agus do gach duine eile freisin, go bhfuil siad dochloíte nuair a bhíonn an mheon aigne i gceart acu go léir. Nuair a bhí ceannasaíocht ag teastáil uathu le blianta anuas, sheas Rí Henry amach go láidir. Nuair a bhí sé gortaithe, sheas Richie Power suas. Inné, bhí an bheirt acu siúd as láthair, chomh maith lé Noel Hickey, Michael Rice agus Aidan Fogarty. Conas a éireoidh leo gan iad ????
Ó thús imeartha inné, bhí gach imreoir ar fhoireann Chill Chainnigh ag tabhairt céad fán gcéad, agus ní raibh éinne a sheas amach níos soiléire ná a gcaptaen, Eoin Larkin. Rinne sé damáiste gach aon uair a fuair sé an sliotar, scóráil sé an chéad cúl, chruthaigh sé roinnt scóranna do na tosaithe eile agus thóg sé na pocanna saora chomh maith. Seans gur thiomáin sé an bus abhaile i ndiaidh an chluiche freisin !!!!!
Mar chluiche, bhí sé thart tar-éis aon nóiméad déag….bhí na Cait aon chúilín déag chun cinn ag an am agus greim daingean acu ar chúrsaí. Fuair Corcaigh dhá chúilín sa chéad leath ón imirt, ceann amháin tar-éis ceithre nóiméad déag agus an dara ceann tar-éis naoi nóiméad is fiche. Insíonn na fíricí sin scéal an chéad leath níos fearr ná aon rud eile…..3-11 in aghaidh 0-6 ag leath ama. 3-21 in aghaidh 0-16 ag an deireadh….jab déanta.
Beidh imreoirí Chorcaigh díomách inniu, ní gur chaill siad an cluiche ach mar gheall an slí inar chaill siad. Ní bhfuair siad seans ar bith chun socrú síos..bhí déine ollmhór i ngach rud a rinne Cill Chainnigh. Cheapfá ó bheith ag féachaint ar na himreoirí nua, Richie Doyle agus Cillian Buckley, go raibh siad ann le fada, shocraigh siad isteach ar an bhfoireann chomh h-éasca sin. Cad faoi Paul Murphy, Paddy Hogan, Matthew Ruth agus Colin Fennelly….. réalta iad go léir ar an lá.
Comhgairdeas le Cill Chainnigh..an séú Sraith Náisiúnta buaite acu faoi stiúir Brian Cody. Bhí an tír iomlán ag tnúth go mór leis an gCraobh. Anois, nílim chomh cinnte is a bhí.

Pat Fleury, blog GAA BEO

Read Full Post »

Sraith Iomána Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 1 – Cill Chainnigh v Corcaigh – 6/5/2012

Cathal Moore

Tháinig mé go Staid Semple inniú ag súil le cluiche iontach idir Cill Chainnigh agus Corcaigh ach níor cheap mé go mbeadh sé chomh aon taobhach agus a bhí.

Ón chéad noiméad bhí an lámh in uachtar ag na Cait go háirithe lár páirce.  Rinne Michael Fennelly agus Paddy Hogan obair na gcapall ag rith suas síos na páirce.  Bhí Cillian Buckley an-éifeachtach sna tosaithe freisin.  Bhí neart liathróid ag dul isteach go Eoin Larkin agus leis sin chríochnaigh sé féin, Colin Fennelly agus Matt Ruth formhór na seansanna. Bhí TJ Reid ar fheabhas ar an daichead slat.

Tar éis deich nóimead bhí an cluiche seo beagnach thart mar choimhlint.  Bhí cúl faighte ag Eoin Larkin agus Colin Fennelly.  Aon uair a rinne foireann Chorcaí ionsaí bhí cosantóirí Chill Chainnigh sách ábalta deileáil leo. É sin ráite d’oibrigh Pa Cronin agus Pat Horgan go crua.  Bhí farasbarr 14 pointe ag Cill Chainnigh ag leath ama  agus is cinnte go raibh sé tuillte acu go h-iomlán.  Go deimhin dá dtógfadh Cill Chainnigh na deiseanna scórála ar fad a bhí acu bheadh cruth níos measa fós ar chlár na scór.

3-21 go 0-16 a chríochnaigh an cluiche sa deireadh.  Bhí laochra ar fud na páirce ag na Cait ach is iad Jackie Tyrrell, Cillian Buckley, Colin Fennelly, TJ Reid agus Eoin Larkin a rinne an difríocht.

Breathnaíonn na Cait an-láidir cé go raibh Corcaigh an-lag inniú. Bhí foireann Chorcaí an-díomach mar gheall ar an taispeántas a thug siad uathu go háirithe sa chéad leath.  Go deimhin beidh sé deacair orthu dul ar ais ag traenáil i rith na seachtaine.  Ba mhór an cailliúint é Donal Óg Cusack.  Tháinig an-chuid scóranna as botúin amaideacha.  Tá JBM fós ar thóir lán chúlaí agus leath chúlaí láir.  Bhí na Cait i bhfad ró-láidir dóibh.  Beidh áiféala ar JBM nár thosaigh sé Darren Sweetnam a rinne difríocht as dara leath.

An 15ú sraith do Chill Chainnigh.  Comhghairdeas leo!  Ná déan dearmad nach raibh Henry Shefflin, Ritchie Power agus Michael Rice ag imirt inniú.  An fhadhb is mó atá ag Cody ná an 15 is fearr a phiocadh don chraobh!  An t-aon rud a bheidh ag cur as dó ná an gortú a tharla do Michael Fennelly.

Cathal de Mórdha, blog GAA BEO

Read Full Post »

Longford’s Sean McCormack speaking after his side’s win over Wexford in the Allianz Division 3 league final.

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 4 – Cill Mhantáin v Fear Manach – 28/4/2012

Tomás Ó Flatharta

Bhí sé go maith Cill Mhantáin a fheiscint ag buachaint corn i bPáirc an Chrócaigh. D’imir siad an-chaid agus bhí an bua tuillte acu. Bhí an lá leo toisc an meon oibre a thugadar leo agus bhí teaicleáil iontach ar siúl acu go mór mhór Leighton Glynn.

Tá creidiúint ag dul do Harry Murrphy as an bhfoireann a bheidh chomh eagraithe is atá. Ní job furaist a thóg sé tar éis tréimhse Mhick o Dwyer.

Beimid ar fad ag súil leis an gcluiche a bheidh acu leis an Mhí i gceann roinnt seachtainí. Gan dabht beidh an dá fhoireann ag imirt i Roinn a 3 an bhliain seo chugainn. An gcuireadh éinne airgead ar sin i dtosach na bliana?!

Maidir le Fearmanach níor imir siad go maith ach tá dul chun cinn maith déanta ó thainig Peter Canavan i gceannas. Cé gur chailleadar is dóigh liom gurb é seo an toradh ab fhearr dóibh mar taispaineann sé dóibh cá mbeidh orthu feabhas a thabhairt go dtí a cuid imjeartha. Dá mbeadh siad tar éis buachaint bheadh brú mór orthu i goinne an Dúin i gCraobh Uladh mar bheadh a lucht leanúna ag ceapadh gur b’é Canavan an messiah! Tá mórán feabhais le déanamh acu. Le Barry Owens agus Marty McGrath thar nais tar éis gortaithe beidh siad níos láidre.

Sraith Peile Allianz – Cluiche Ceannais Roinn 3 – An Longfort v Loch Garman – 28/4/2012

Tá pleann maith imeartha ag Longford. Pasáileann siad an chaid leis an ndorn amach as na cúil agus ciceáileann siad ansan go tapaidh é go dtí an líne lán tosach áit ina bhfuil Sean McCormack ag imirt an-mhaith dóibh. Tá Mickey Quinn thar nais ó bheith ag imirt footy san Astráíl agus tá sé tar éis an líne leath chúil a láidriú go mór. Ard imreoir é agus cad faoi mharcáil Dermot Brady? Cuirtear ar an dtosach is fearr é i gconaí agus tá sé go maith ábalta do éinne.

Bhí díomá orm le imirt Loch Garman. Bhíodar go hainnis sa chéad leath agus chailleadar an chluiche sa tréimshe seo. D’imir siad níos fearr sa dara leath ach d’fhágadar ró-dhéanach é. Tá tosaithe maith acu atá ábalta scóráil cé nach dóigh liom gur sna tosaithe is fearr do.

Tomás Ó Flatharta, blog GAA Beo

Read Full Post »

A look at the mature players on Tyrone and Kildare teams, Johnny Doyle, Stephen O’Neill, Dermot Earley and Eoin Mulligan and how they’re still playing as well as ever…Broadcast on TG4 in GAA Beo’s match buildup on Sunday 29/4/2012.

Read Full Post »

Tony Hannon talks to us about Wicklow’s hopes before the 2012 Division 4 League Final v Fermanagh. Broadcast in the match buildup on TG4’s GAA BEO 28/4/2012

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz – Cluichí Leathcheannais Roinn 1 – Ciarraí v Maigh Eo agus An Dún v Corcaigh – 15/4/2012

D’fheadfá a rá go raibh píosa den “good, bad and the ugly” againn an Domhnach seo chaite i bPáirc an Chrócaigh.

An Maitheas – Bhí maitheas i dtaispeántais Maigh Eo. Cúig chuilín chun deireadh ar Chiarraí le cuig noimead déag le himirt i gnáth am, ní hamháin gur éirigh leo an chluiche a thabhairt chuig am breise, ach I gcoinne an balla arís san am breise sin thaispeáin siad fíor crógacht sula tháinig Richie Feeney suas na páirce chun an scór cinniúnach a sheoladh thar an trasnán chun an cluiche a bhuachaint agus don chéad uair ó 1996 an lámh in uachtar a fháil ar mhuintir na Ríochta sa cheanncheathrú.

Cé nach mbeidh Jack O’Connor ró-bhuartha leis an cailliúnt, agus ní dóigh liom féin go bhfuil morán damáiste siceolaíochta déanta don bhfoireann, an rud atá na cailliúintí seo a dhéanamh, ná go bhfuil sé ag tabhairt misneach do na fóirne a bhfuil timpeall ar Chiarraí, a leithéidí, Maigh Eo, Áth Cliath, Tir Eoghain & Corcaigh, go bhfuil seans acu an bua a fháil ar an bhfoireann seo, fiú má tá siad cúpla scór chun cinn ort.

B’fhéidir an rud is mó sásamh do James Horan, seachas an cluiche a bhuachaint, ná taispeántais na fir óige sa bhfoireann. Bhí Colm Boyle sa líne leathchúil ar fheabhas, agus níor stop Kevin McLoughlin ag obair ó thús deireadh sa chluiche. Agus nuair a tháinig Cillian O’Connor isteach sa chluiche thaispeáin sé arís go bhfuil an cloigeann aige do na cluichí móra seo.

An Donnas – Pas Kieran Donaghy. Smaoineadh siar chuig craobh na hÉireann agus an droch pas ó Declan O’Sullivan a thug an seans do Kevin McMenamin an cúl sin a aimsiú agus a thug spreagadh do Áth Cliath and Craobh a bhaint amach nuair a bhreannaigh sé go raibh iomlán na máistreacht ag Ciarraí. Uair amháin eile agus ceannsú acu ar an liathróid, chuir Donaghy pas uafásach isteach os comhair a chúl féin áit a raibh Alan Dillon in ann an liathróid a aimsiú sula tharraing Paul Galvin chun talamh é chun cic pianois a bhuachaint.

An Gránnacht – san tinnreamh a bhí i bPáirc an Chrócaigh. Beagáinín os cionn 11,000 daoine a bhi i láthair ar an Domhnach, agus nuair a smaoiníonn tú go raibh ceithre fhoireann san iomaíocht, caithfidh tú adhmháil nár éirigh le Cumann Lúthchleas Gael na cluichí seo a dhíol i gceart. An rud is suimiúla faoi seo ná, tháinig an tinnreamh seo I rith seachtain in ar labhair an CLG faoin margaíocht a bheidh ar siúl acu roimh tús na craoibhe chun muintir na tíre a mhealladh óna chuid telifiseáin agus comórtas peil na Euros, agus gan dabht na cluichí Oilimpica i Londain. Tá sé soiléir go bhfuil job mór le déanamh anseo.

Taobh amuigh do seo thaispeáin Corcaigh arís ce chomh leanúnach agus comhsheasmhach is atá siad sa sraith. Don tríú uair as a cheile tá siad tar éis suíomh a bhaint amach i gcraobh na sraithe. Beidh Conor Counihan sásta le mórchuid dá imirt ach an rud a sheas amach domsa, ná taispeántas Paul Kerrigan agus Colm O’Neill. Idir an beirt d’aimsigh siad 1-09 (1-06 ón imirt), agus le Daniel Goulding (a tháinig chun páirce don chéad uair ó ghortaigh sé a rúitín anuraidh sa chraobh) agus Ciarán Sheehan ag feabhsú an t-am ar fad óna gortú cruciate, tá an cuma ar an scéal go mbeidh job mór le déanamh ag cosantóirí na tíre chun tosaithe Chorcaí a smachtú sa chraobh.

Coman Goggins, blog GAA Beo

Read Full Post »

Older Posts »