Cill Dara v Ciarraí
Níor imir Ciarraí cluiche craoibhe le trí mhí déag anuas mar nach bhfuil contae eile I gCúige Mumhan i Roinn B agus ní bhfuaair siad aon Chluiche leathcheannais. In ainneoin sin, níor chuir sé isteach ná amach orthu mar d’éirigh leo an cluiche ceannais a bhuachaint in aghaidh Cill Dara, curaithe Laighin agus cluiche leathcheannais imirthe acu. Cé go raibh Cill Dara chun tosaigh an chuid is mó den am mar gur aimsigh said trí chúl sa chéad leath, bhí Ciarraí ag imirt go maith agus d’aimsigh said 0-11 ón imirt sa chéad leath sin, 0-14 in iomlán in aghaidh 3-5 do Chill Dara. Bhí Niall Kenny ar fheabhas sa chéad leath: bhí 2-2 aimsithe aige ag leatham. Lean Ciarraí leis an iarracht sa dara leath ach bhi gach cuma ar an scéal nach raibh seans acu nuair a scóráil Ryan Casey cúl eile sa dara leath agus bhí an t-am beagnach thart, agus dhá nóiméad breise imithe nuair a scóráil Padraig Boyle an cúl cinniúnach do Chiarraí agus ní raibh am a ndóthain ag Cill Dara teacht ar-ais. Bhí an toradh crua ar Chill Dara atá mí-amharach sa chraobh seo ach tréaslaimid le buachaillí Chiarraí. 1-21 in aghaidh 4-10 ag an deireadh.
An Clár v Aontroim
Tá sé deacair a chreidiúnt nach raibh fiú is craobh na Mumhan faoi 21 buaite ag An gClár roimh 2009, ach d’athraigh gach rud idir an dá linn. Bhuaigh said Craobh na hÉireann don tríú huair aréir i nDurlas in aghaidh Aontroim, a bhuail Loch Garman sa chluiche leathcheannais. Ní raibh éinne ag súil leis an mbua agus bhí sr tuilte go maith acu ar an lá sin ach bhí se soiléir ó thus na himeartha aréir go raibh caighdeán eile ar fad gceist ag An gClár.
Faraoir, ní fhacamar coimhlint ar chor ar bith. Ní raibh aon locht ar Aontroim; bhí bearna ollmhór eatarthu agus bhí sé thart mar chluiche bhfad roimh leatham. Thug buachaillí An Chláir taispeantas den chéad scoth agus bhí an scór ag leatham 2-16 in aghaidh 0-4. Bhí Colm Galvin agus Tony Kelly ina ríthe i lár páirce agus bhí Cathal O Connell marfach ó bhuillí saoire. Bhí An Clár ábalta an ceathrar ar an bhfoireann sinsir a bhaint den bpáirc go luath sa dara leath agus bhí rudaí beagáinín níos cothroime ina dhiaidh ach ní raibh ach toradh amhain i ndán dúinn.Bhí Davy O Halloran go hiontach an oíche ar fad. Chríochnaigh sé le 1-4 agus an gradam laoch na himeartha ach bhí said go léir ar fheabhas. Tá muintir An Chláir ag baint taitneamh as ré órga faoi láthair agus iad ag súil leis an athimirt in aghaidh Corcaigh sa Chraobh sinsir. Ar aghaidh leo !!!
Pat Fleury, blog GAA Beo
Leave a comment