Craobh Iomána BGE Fé 21 – Cluiche Ceannais Laighean – Loch Garman v Cill Chainnigh – 10/7/2013
BUA AG LOCH GARMAN LE CRÍOCH DRAMATÚIL.
Fuair Loch Garman an ceann is fearr ar Chill Chainnigh le cúl sa nóiméad deireanach den am breise i gcluiche ceannais Laighean faoi 21 aréir i bPáirc Loch Garman. Cúl tubaisteach, míámharach ó thaobh cúlbáire Chill Chainnigh, Aaron Duggan, a d’imir go maith i rith an chluiche go léir go dtí sin. Bhí na fóirne ar chomhscór, bhí brú ar gach éinne agus bhí cosainteoirí Chill Chainnigh ro-dhíograiseach chun an dainséar a ghlanadh ach chríochnaigh an sliotar sa líontán…….chuaigh lucht leanta Loch Garman ar mire le lúcháir agus shéid an réiteoir a fheadóg go gairid ina dhiaidh sin. An scór deireanach 1.21 in aghaidh 0-21……an chéad craobh buaite ag Loch Garman ó 2002.
Is cosúil nach raibh bainistíocht Chill Chainnigh ró-shásta le cúrsaí tar-éis an cluiche leathcheannais in aghaidh Uíbh Fhailí. Rinne siad a lán athraithe agus ní raibh líne ar an bhfoireann nár athraigh siad.
Thosaigh Loch Garman go maith ach bhí na Cait chun cinn ag leathama 0-12 go 0-9. Bhí roinnt deiseanna ag Cill Chainnigh sa chéad leath sin chun cúil a scóráil ach rinne cosainteoirí Loch Garman go h-an mhaith chun iad a stopadh. Bhí an dara leath an-teann agus ní raibh mórán eatarthu ag am ar bith. Fuair Jack Guiney cúilín ó bhuille saor ag an deireadh agus bhí am breise i ndán dúinn. Ní raibh éinne ag gearán, áfach, mar bhí an coimhlint ar fheabhas. Nuair a chuaigh Loch Garman dhá chúilín chun cinn san am breise, bhí cuma dóchasach ar mhuintir an chontae sin ach tháinig na Cait ar-ais arís agus chuaigh siad cúilín chun cinn. Ansin tháinig an drama…scóráil Guiney poc saor deacair ón taobhlíne agus ansin tháinig an cúl cinniúnach sin.
Tráthnóna álainn, slua mór agus cluiche corraitheach…. cad eile a bheadh ag teastáil ó éinne ????
Pat Fleury, blog GAA Beo