Feeds:
Posts
Comments

Archive for the ‘TG4’ Category

Cluiche Ceannais Chill Chainnigh – Clárach V Carraig Seabhac

Cathal Moore

Cathal Moore

Cluiche taitneamhach go leor cé nach raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte.  Ní raibh na coinníollacha iontach agus bhí an pháirc sleamhain.

D’fheabhsaigh an imirt sa dara leath.  Bhí  Clárach chun tosaigh ó thús an cluiche go dtí leath ama.

Ach fuair Brian Donovan cúl cinniúnach díreach roimh leath ama chun na scóranna a chothromú.

Beidh áiféala ar Charraig Seabhac nuair a fhéachann siad siar ar an gcluiche seo. Ghéill siad uathu an iomarca pocanna saor go leor acu an-bhog.

D’aimsigh Keith Hogan deich gcúilín i rith an chluiche do Chlárach.  7 gcinn a d’aimsigh sé ó phocanna saor.  B’shin an difríocht idir na foirne sa deireadh

Éacht déanta ag Clárach gan amhras lena gcéad craobh ó 1986.  Lester Ryan a scóráil an cúl cinniúnach inniú ó phoc saor nuair a bhí an cuma ar an scéal go mbeadh an bua ag Carraig Seabhac.

D’imir Neal Prendergast agus David Langton thar cionn i measc na gcosantóirí.  Níl cluiche caillte ag Clárach le dhá bhliain anois agus 6 chorn buaite acu ar an mbealach.  Má bhuaileann siad Abhlairt an Bealach an Domhnach seo chugainn is dóigh liomsa go bhfeicfear iad i bPáirc an Chrócaigh ar an 17ú Márta san athbhliain.

Read Full Post »

Cathal Moore

Cathal Moore

Iomáint-Camanachd Idirnáisiúnta – Cluiche 1-  Eire v Albain

Cluiche taitneamhach go leor go háirithe sa chéad leath.  Bhí  Éire beagán chun tosaigh ó thús an cluiche.  Thug Brendan Maher sárthaispeántas mar leath chúlaí láir.

Bhí Neil McManus, Shane O Neill agus Cahir Healy an-fheicéalach freisin.  Tar éis bua easca d’Éire anuraidh bhí mé den tuairim go mbeadh athrú nó dhó sna rialacha.

Ní ceart go mbeadh cead ar na hÉireannaigh dul ar ruathar.  Seans go mbeidh áiféala ar na hÉireannaigh leis an méid seansanna a chuir siad amú.

Throid na hAlbanaigh go fíochmhar sa dara leath a d’fhág 6 chúilín idir na foirne sa deireadh.  Ní leor é sin mar farasbarr agus Éire ag taisteal go Páirc Bucht an deireadh seachtaine seo chugainn.

Read Full Post »

Cathal de Mórdha – Cluiche Ceannais F-21 B

Cill Dara V Ciarraí

Cathal Moore

Cathal Moore

Cluiche taitneamhach go leor cé nach raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte.  Bhí Cill Dara chun cinn go dtí am breise.  I ndáiríre ba cheart go mbeadh an bua acu sa deireadh.  D’imir siad beagán níos fearr agus d’éirigh leo ceithre chúl a fháil ach d’fhan Ciarraí sa chluiche fiú nuair a chaill siad Thomas Casey de bharr cárta dearg.  D’fhreagair siad gach cúl le scór.  Choinnigh an lán tosaí Padraig Boyle iad sa chluiche.  B’é a scóráil an cúl cinniúnach san am breise.  D’imir Brendan Brosnan, Brendan O Leary, Daniel Collins agus Paul McGrath an-mhaith dóibh freisin.

Bhí Cill Dara croíbhriste ach thug an déagóir Niall Kenny sárthaispeántas dóibh.  D’aimsigh sé 2-03 ón imirt.  Bhí an cúlbáire Paddy McKenna ar fheabhas freisin.  Mar sin craobh B eile do Chiarraí agus gan ach cluiche ámháin acu.  Ba cheart don CLG rud éigin a dhéanamh faoi sin.

 

Cluiche Ceannais A – An Clár V Aontroim

Bhí an cluiche seo thart tar éis ceathrú uair a chloig agus an Clár imithe deich gcúilíní chun cinn.  Bhí Aontroim buailte ar fud na páirce agus is deacair a rá go ndearna an léasadh seo maitheas ar bith d’iománaíocht sa Tuaisceart.  Léirigh an Clár luas aisteach arís agus Bhí an líne lántosaigh de Cathal O Connell, Shane O Donnell agus Davy O Halloran ar fheabhas ar fad.  Baineadh David McInerney, Colm Galvin, Tony Kelly agus Padraic Collins luath sa dara leath ach bhí an cluiche thart mar choimhlint faoin am sin.  Éacht déanta ag an gClár le dhá chraobh buaite as a chéile.  An bhfanfaidh na Roghnóirí chun tabhairt faoi chraobh eile an bhliain seo chugainn?

Cathal Moore, blog GAA BEO

 

Read Full Post »

Tar éis ceithre babhta den scoth le roinnt mhaith torthaí suimiúil iontu tá gach foireann i Roinn 1A fós san iomaíocht chun chéim chun tosaigh agus chéim chun deiridh a thógaint! Tá Port Láirge ar bharr (cé a chreidfí) agus an Ghaillimh ar bhun gan ach dhá phointe eatarthu, Casfaidh siad ar a chéile an Domhnaigh seo chomh maith le Cill Chainnigh vs Corcaigh agus Tiobraid Árainn vs An Clár. ‘Super Sunday’ atá ann gan dabht!

Níl ach cluiche amháin buaite ag Corcaigh agus tharla sin sa chéad seachtain agus iad ar fheabhas i gcoinne Tiobraid Árainn. Fós féin tá dhá chomh scór aimsithe acu agus beidh siad ag súil le bua a fháil ar na cait. Tá dhá chluichí buaite acu siúd ach d’fheadfá rá gur thug siad taispeántais níos fearr sna chluichí atá caillte acu! Beidh áthas orthu leithéidí Michael Rice, Michael Fennelly agus Walter Walsh a fháil tharr n-ais ach tar éis dóibh Paul Murphy agus Jackie Tyrell a chailliúint de bharr gortaithe tá an seomra éigeandála dhubh le othair, Henry Shefflin, T.J Reid agus Cillian Buckley ina measc. Tá Lester Ryan agus Ger Aylward ag socrú isteach go deas agus bíonn chontúirt ag baint le Richie Hogan, Eoin Larkin agus Aidan Fogarty i gcónaí. Beidh Brian Cody ag iarraidh taispeántais iomlán óna chuid imreoirí chun a bheith chinnte go mbainfidh siad an cluiche leathcheannais amach.

Tá roinnt mhaith athraithe tagtha ar foireann Corcaigh le blianta anuas agus, mar a dingeadh i 1999 tá béim cuartha ag an óige ag Jimmy Barry Murphy. Is iománaí den scoth é Conor Lehane agus caithfear a bheith tógtha le taispeántais Lorcán McLoughlin chomh maith. Tá cruinneas faoi leith ag Pat Horgan agus cuir é sin leis an All star atá ag cúl báire Anthony Nash agus an taithí atá ag Pa Cronin agus Tom Kenny agus feictear go bhfuil painéil cumasach ag JBM. Tar éis sraith réasúnta mhaith a thug tuilleadh taithí dóibh mar foireann, rud a bhí ag teastáil, beidh siad san iomaíocht sa Craobh níl aon amhras faoi sin. É sin ráithe ní dóigh liom go mbeidh dhóthain acu chun an bua a fháil anseo fiú go fhéadfadh sé bheith ghearr!

Verdict: Cill Chainnigh

Hugh Breathnach

Read Full Post »

Bhuaigh Eddie Brennan ocht mbonn sinsir Uile Éireann Iomána le Cill Chainnigh idir na blianta 2000 agus 2011, agus é mar chrá croí ag cosantóirí agus ag cúlbáirí ó cheann ceann na tíre. Agus é éirithe as an iomáint idirchontae anois, insíonn sé a scéal féin dúinn.

Eddie Brennan won eight senior All-Ireland medals with his native Kilkenny between the years 2000 and 2011, and he terrorised defenders and goalkeepers throughout the country with his penchant for goalscoring.

TG4 14th FEBRUARY AT 8.00PM

Read Full Post »

LAOCHRA GAEL – Clár 1 Eddie BrennanEddie Brennan Galway v Kilkenny - Leinster GAA Hurling Senior Championship Final

Lá Vailintín 14ú Feabhra 2013 TG4 @ 20:00

Bhuaigh Eddie Brennan ocht mbonn sinsir Uile Éireann Iomána le Cill Chainnigh idir na blianta 2000 agus 2011, agus é mar chrá croí ag cosantóirí agus ag cúlbáirí ó cheann ceann na tíre. Agus é éirithe as an iomáint idirchontae anois, insíonn sé a scéal féin dúinn.

Thóg sé tamall air aon dul chun cinn a dhéanamh agus níor imir sé iomáint fé 18 le Cill Chainnigh. Bhuaigh sé a chéad bhonn Uile Éireann leis an bhfoireann fé 21 i 1999 agus insíon sé dúinn faoi cé chomh diongbháilte is a bhí sé a gheansaí a choimeád an lá úd! Deir sé linn chomh maith faoin gceacht crua a fuair sé ar a chead lá craoibhe sinsir in aghaidh Átha Cliath. Tá cur síos mion aige ar na laethanta maithe agus ar na droch laethanta – cé nach raibh mórán díobh sin ann! – le Cill Chainnigh, agus faoin slí go mb’éigean dó a chuid imeartha a athrú ar mhaithe na fóirne chun a áit a choimeád ar an bhfoireann. Chomh maith le Eddie féin, labhraíonn Michael Kavanagh, Donal O’Grady, agus Diarmuid Lyng.

Eddie Brennan won eight senior All-Ireland medals with his native Kilkenny between the years 2000 and 2011, and he terrorised defenders and goalkeepers throughout the country with his penchant for goalscoring.

Following his recent retirement from intercounty hurling, he shares his life story with us here. He was a late developer and didn’t represent Kilkenny at minor level but he won an under 21 All-Ireland medal in 1999, a day where he refused point blank to part with his jersey afterwards despite a serious injury.

He recalls his rude introduction to senior championship hurling against Dublin. He describes in detail the good days and bad days- far and few between! – in the Kilkenny jersey and how he had to alter his playing style and tactics in order to maintain his place on the team. As well as Eddie himself, there are contributions from Michael Kavanagh, Donal O’Grady, and Diarmuid Lyng.

(The Laochra Gael – ‘Eddie Brennan’ programme will be repeated on  Sunday afternoon 17th February at 4.20pm on TG4.)

Laochra Gael is produced by Nemeton TV, based in An Rinn, Co Waterford.

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz, Babtha 2

Ciarraí ———- 0-04  1-11 ———- Ath Cliath

24 ———- Cic Amach Iomlán ———- 09

19 ———- Cic Amach Buaite ———- 12

118 ———- Pas Láimhe ———- 133

47 ———- Pas Coise ———- 74

36 ———- Cic Saoire Géilte ———- 34

4 ———- Scóranna ———- 12

5 ———- Seachaí ———- 12

5 ———- Cárta Buí ———- 2

0 ———- Cárta Dearg ———- 1

Read Full Post »

There are seven teams left in this years AIB club championship. This week on blog GAA beo we decided to take a look at the contenders for the Tommy Moore cup. It is still early enough in the competition to make some money from picking the winner so now seemed like the perfect time for this.

1) Thurles Sarsfields

The thirty two times Tipperary champions, have never managed to win the Munster championship never mind the All Ireland. This year appears to be different though, even before their Munster semi final win over Sarsfields of Cork all the talk was of capturing the Munster title. Tipperary made a slightly earlier than usual exit from the championship this year and that has helped to galvanize the squad. Another plus for Sars is the return to form of one Lar Corbett  if his goal two weeks ago is anything to go by he is very close to being back to his best. The release of his book has been a welcome distraction and he has scored a goal in both games he has played since its release. With Michael Cahill, Pa Bourke and team captain Paudie Maher driving this team on All Ireland glory is a real possibility for this team. Lack of experience when it comes to the later stages of the competition would be their biggest stumbling block.

Next opponents : De La Salle in the Munster final

Odds: 11/4

2) Ballyhale Shamrocks

As you would might expect the Kilkenny champions Ballyhale Shamrocks are the bookies favorites to be walking up the steps of the Hogan stand next March. Two weeks ago they claimed their 14th County title, with a less than sensational win over Dicksboro. Shefflin missed two penalties and failed to score from play but they still had too much for the second best team in Kilkenny (a scary statement in its self) . With the Fennelly brothers and James “ Cha” Fitzpatrick, they will prove very hard to beat, but they might just fall short against Thurles Sarsfields should they meet.

Next opponents: Oulart- The- Ballagh in the Leinster Semi final

Odds: 9/4

3) Loughgiel Shamrocks

Last years surprise winners of the All Ireland are back again to prove what they did last year was no fluke. While every All Ireland is great to win, they won last years one with out beating any of the big teams. They beat first time Limerick Champions Na Piarsaigh in the All Ireland semi and first time Leinster champions Coolderry in the final. Winning an All Ireland with out beating a Tipp, Cork or Kilkenny team on route will always be seen as “a handy one”. Having beaten St Patricks of Down in the Ulster final by 18 points the team will be in high spirits but like every team coming out of Ulster it is very hard to judge them with out seeing them play a team from down the south.

Odds: 7/2

4) De La Salle

The 2010 Munster club champions, blasted through the Waterford championship beating Dungarvan 1-21 to 12 points in the final. Their Munster semi was a much closer affair and they were lucky to get out of Sixmilebridge with a win thanks to an injury time John Keane goal.  John Mullane is the key man for De la Salle and the five time All Star has been excellent so far this year and as with Waterford when he plays well, the team play well. Kevin Moran and the O’ Mahony’s will also have a big say on how far their team progress. If De La Salle can get past Thurles next Sunday they could have a major say in the competition. The Waterford city boys have never lost a Munster championship game so playing at this level of competition will not phase them.

Next opponents: Thurles Sarsfields in the Munster final

Odds: 15/2

5) St Thomas

St Thomas’s survived the battle of Salthill last weekend and after getting through that they will be full of confidence. They will not face a tougher physical battle for the rest of the year. Any team with six brothers on the panel is always going to be a close knit group and they showed that through out the championship. After losing their first game of the championship to last years Galway champions Gort, St. Thomas’s have gone seven games undefeated. County players David Burke, Conor Cooney, James Regan and Darragh Burke make up the back bone of the side. The Galway representatives have traditionally been very strong in the latter part of the All Ireland series. Galway club champions have won the All Ireland more than any other county champions, wining it eleven times in total.

Odds: 11/2

6) Oulart the Ballagh

The Wexford champions breezed through their county championship, winning all eight games to claim their tenth county title and third in a row. In the Leinster semi final under terrible conditions, Oulart started excellently against the Dublin champions Kilmacud Crokes. They faded badly in the second half and were lucky to hold on in the end. They had eight players on the Wexford squad that were knocked out of this year’s championship by Cork. Six of them started Paul Roche, Keith Rossiter, Darren Stamp, David Redmond, Garrett Sinnott, Rory Jacob. Eoin Moore and Shaun Murphy were on the bench that day. They face a huge challenge against Ballyhale on Sunday, and it is hard to see them going any further in the championship. However it is when a Wexford team is written off , is when they are at their most dangerous.

Next opponents: Ballyhale Shamrocks in the Leinster Semi final

Odds:  10/1

7) Kilcormac/Killoughey

The Offaly champions are the ranked outsiders to be celebrating come March 17th despite the fact they are already in the Leinster final. They have come through the easier side of the Leinster championship avoid both the Kilkenny and Wexford champions. In their last game they came from four points down with fifteen minutes to go to win by four points. This is the club’s maiden voyage into the All Ireland championship as they had never won the county before this year. The experience of making a Lenister final will be invaluable to them but Ballyhale/ Oulart the Ballagh will have too much for them on the day.

Odds: 14/1

Paul Jenkins, blog GAA Beo

Read Full Post »

Corcaigh v Ciarraí

Corcaigh buacach  arís  i gcluiche ceannais peil na mban agus iad ag tabhairt a seachtú craobh leo  laistigh do ocht mbliana, murach an cluiche ceathrú ceannais a chailleadar v Tír Eoghaín 2010 lá tragóideach  dóibh é.

Robbie Ó Grifín

Bhí  Briege Corkery ag taisteal agus gortaíodh Geraldine ó Flynn agus Ciara ní Shúilleábhain agus anuas ar sin d’íobríodh Aisling Barrett agus Brid Stack go dtí bosca na bpeacaí.  ghoill cad a tharla an lá san go mór ar ná Corcaigh. Ba í seo an t-aon chluiche craoibhe a chailleadar le  hocht mbliana, muraach an mí-ádh a bhí leo ar an lá sin seans maith go mbeadh hocht craobh as a cheile  buaite acu.  Toradh a seo ar an sár obair tá déanta ag Eamonn Ó Riann agus a fhoireann bainistíochta leis a fhoireann thar na blianta.

Is beag duine a thug seans d’fhoireann na ríochta ag dul isteach sa chluiche ceannais  don chéad uair ó 1993. Stíl imeartha Chiarraí bunaithe ar córas cosanta na gConallach, córas é seo a bhí éifeachtach  dóibh ins na cluichí go dtí seo.  Má bhí aon fhoireann chun an córas seo a briseadh síos ba  iad na Corcaígh a dhéanach é. Ar an lá bhí imirt Chiarraí ró chosantach, gluaiseacht na liathróide ró mhall agus gan iad ábalta caid mhaith tapaigh a chur isteach go dtí na tosaithe, lé Ciarraí ag feidhmiú lé triúr ná ceathrar tosaí thug seo cuireadh do line leath chúil Chorcaí teacht aníos faoin bPáirc ag ionsaí, rud a dheineadar go rábach, leis  an tsaoirse seo agus fairsing na Páirce,  d’fhág seo cosantóirí Chiarraí faoi bhrú agus ghéilleadar mórán ciceanna saor 35  ar an lá rud nach féidir a dhéanamh lé tosaithe chomh cumasach lé Valerie Ní Mhaolchatha  timpeall 0-7(0-6f) ar an lá. taispeántas breá fóirne a chonaiceamar ós ná Corcaigh ach caitheadh mé tagairt speisialta a dhéanamh faoi laoch na himeartha Geraldine Ní Fhloinn agus an sár ógánach Doireann Ní Shúilleabháin a fuair ceithre chúilín ón imirt ar an lá. Ní raibh Corcaigh faoi bhrú ag aon am sa chluiche seo, iad chun cinn 0-10 le 0-3 ag leath am.  Iad sásta a gcuid pointí a thógaint  agus iad ag críochnú go maith sa dara leath leis an scór deiridh 0-16 le 0-7. Caithfidh foireann na ríochta foghlaim agus tógaint ar an taithí a tháinig le himirt i bPáirc an Chrócraigh.  Le cúnamh Dé fanfaidh an fhoireann le chéile agus más féidir leo cúpla imreoir eile a thabhairt isteach bheinn dóchasach go mbeidís ar ais i bPáirc an Chrócaigh arís go luath.

Ard Mhaca V Portláirge

Bhí sé soiléir le feiscint  gur sheas an taithí a bhí ag foireann Ard Mhaca ó bheith ag feidhmiú sa ghrád sinsear le blianta anuas dóibh sa ghrád idir mheanach i mbliana.  foireann láidir fisiciúil le peileadóirí  maithe, bhí sé soiléir ó thús an chluiche seo go raibh foireann Ard Mhaca i bhfad éireann níos treise ná foireann na nDéise. Cé ná raibh ach farasbarr do sheacht gcúilín acu faoi dheireadh na himeartha, nuair a chuireann tú san áireamh gur cuireadar 21 liathróid ar forail.   léiríonn san chomh héifeachtach agus a bhíodar.  Bhí córas cosanta an éifeachtach acu agus bhaineadar an úsáid as an bpeil le gluaiseachtaí maithe tapaigh. Ní bhfuair mná na nDéise aon spás ó Ard Mhaca agus bhí a gcosantóirí ar fheabhas ar fad ar an lá, go h-áirithe laoch na himeartha  Laura Brown agus an leath chúlaí láir Niamh Marley. Thug Caroline O’ Hanlon sár thaispeántas uaithi timpeall lár na páirce, d’oibrigh na tosaithe an crua,  ach caithfeá bheith díomách leis an méid liathróid a chuireadar ar foraoil ar an lá. Bheadh lucht leanúna peil na mban ag súil go dtógfadh Ard Mhaca ar an taispeántas seo agus iad ar ais sa ghrád sinséar an bhliain seo chugainn.  Ag féachaint siar ar na taispeántais maithe a thugadar uatha i mbliana ba cheart go ndéanfaidís go maith sa ghrád sinséar.  Briseadh croí  d’fhoireann na nDeise ar an lá.  Lá nár chuaigh faic i gceart dóibh. Tá imreoirí maith acu ach caithfidh siad úsáid níos fearr a bhaint as an bpeil. Tá an iomad pasáil acu agus a gcuid imeartha ag briseadh síos dá dheascadh.

Aontroim V An Lú

Comhghairdeas le foireann Aontroim a bhí i bhfad ró láidir d’fhoireann An Lú. Dhá chúl leath shlí tríd an chéad leath a chuir solas an lae idir na foirne agus a d’fhág nach raibh aon teacht ar ais ag foireann An Lú ina dhiaidh. Bhí cúl báire Aontroim Ciara Mc Coy ar fheabhas ar fad le trí shábháil iontacha agus laoch na himire tuillte aici.  Bhí fadhbanna ag cosantóirí Lú dul i ngleic le tosaithe Aontroim go háirithe Kirsty Mc Guinness agus Anna Finnegan. Bhí an chraobh seo buaite ag Aontroim cheana in dhá mhíle sa naoi agus bhí an taithí a tháinig le sin soiléir le feiscint. Tá sé tábhachtach go dtógfadh siad ar an taispeántas seo anois agus go gcífimid iad ag déanamh go maith sna blianta romhainn amach sa ghrád idir mheanach. Tá peileadóirí maithe idir óg agus aosta le taithí acu, le co oibriú maith idir na himreoirí, an foireann bainistíochta agus  bord an chontae beidh laethanta geala acu amach anseo.

Robbie Ó Grifín, blog Peil na mBan BEO

Read Full Post »

Donal O’Grady

Bhí dhá cluiche den scoth inné i nDúrlas agus rug an “gorm is buí” an dá craobh leo.Tugadh sár taispeántas de scóráil cúl agus pointi sa chluiche idir Ros Comáin agus Cill Dara.B’e cúl Naos Connaughton ag tús an dara leath agus a phointe ag an deireadh a sciob  an craobh do mhuintir Chonnachta. Ach ba é an pointe a fuair Robbie Fallon ó bhuille saor agus iad trí chuilín chun deiridh agus deich nóiméid nó mar sin le dul nuair a fuair Connaughton “gualainn”amuigh sa chliathán ar chlé a bhí sár thabhachtach dá mbua.Poc saor deacair a bhí ann agus bhí  cinneadh an réiteora  amhrasach  a dhóthain. Thug sé Na Rossies ar ais isteach sa chluiche nuair a bhí an smacht go h iomlán ag Cill Dara i lár na páirce agus sa line leath chúil ag an am. B’é an troid a rinne Ros Comáin ón bpointe sin ar aghaidh an difríocht ach beidh díomá mór ar Chill Dara mar leis an seilbh a bhí acu ba choir go mbeadh níos mó scór ar an mbord acu.Thug Robbie Fallon agus Niall Kilroy sár thaispeántais do Ros Comáin agus rinne Gerry Keegan ag lán tosach agus Conor Kenny mar lár tosaí a ndícheall chun an bua d’fhail do  Chill Dara.

Thug sár thaispeántas an Chláir sa dara leath den chraobh A an bua dóibh.Bhí said cúl chun deiridh ag an mbriseadh ach fuair said 1-10 i gcomparáid le 0-4 do Chill Choinnigh sa dara 30 nóiméad.Nuair a bhi Cill Coinnigh trí chúilín chun tosaigh cheap me go gcoimeádfaidís an sé chosainteoir ina n áiteanna ag tús an dara leath,go h airithe an leath líne. Lean an Clár an taistic a d’úsáid said sa chéad 15 nóiméad agus bhí mise ag ceapadh go leanfadh Cill Choinnigh an taictic a thug ar ais sa chluiche iad sa chéad leath. Ach ní dhearna.Lean uimhir 7 do na Cait Joe Lyng leathtosaí an Chlair Tony Kelly ,a d’imir mar fear lár páirce amach is amach sa dara leath.Ní raibh aon éifeacht ag Lyng san áit sin agus toisc go raibh an leath line amuigh go domhain i lár na páirce bhi an t uafás spás fágtha do Conor Mc Grath ,Cathal Mc Inerney agus Cathal “Tots” O Conaill don Chlár laistigh den line 45 m. áit a raibh an spás plódaithe do chill Choinnigh sa taobh eile.Thug O Conaill sár thaispeántas do scileanna iománaiochta .Bhí a chamán mar bata draíochta agus rinne an liathróid pe ordú a fuair sé ón draoi. Am i ndiaidh ama thainig sé i dtreo na liathróide fé lán luas agus “greamaíodh” an liathróid le bas an bhata.Fuair an line istigh pasanna iontacha ó na fir lár pairce agus d’úsáid siad an liathróid chun na scóranna a fháil. Sa deireadh fágadh na “Cait” le taictic amháin – buillí fada a chur isteachagus de chuid mhaith an ama fágadh Walter Walsh agus John Power,an bheirt is airde agus is láidre a bhi acu amuigh sa leath line agus Ger Aylward íseal istigh agus beirt air.Níl dabht ar bith ann ach gur chuir gortú Ollie Walsh isteach go mór ar Chill Choinnigh mar bhi sé ag dul go maith agus ní raibh an caighdeán céanna ar an mbínse ag an mbainisteoir Richie Mulrooney. Bhí sár chluiche ag cosainteoirí an Chláir,Pat O Connor agus Seán Flanagan ach go háirithe, a bhí saor sa chúinne sa dara leath agus scuab sé suas gach aon liathróid a bhris istigh timpeall an chúil. Tabharfaidh an bua seo ard mhisneach do bheirt bhainisteoir an Chláir Gerry O Connor agus Donal Maloney.Is
léir go n imríonn an fhoireann dóibh, go bhfuil taicticí oiriúnacha don fhoirerann acu agus bhfuil an “stuif” acu chun craobh sinsear a bhuacan.Tá Davy Fitz mar bhainisteoir sinsear do chúpla bhliain eile ach ba chóir go bhfaighfeadh  an bheirt seo a seans ,má ta sé uatha, nuair ata téarma Mhic Ghearailt istigh.

Dónal O Grady, blog GAA beo.


Read Full Post »

Older Posts »