Craobh Iomána BGE Fé 21 – Cluiche Leathcheannais na hÉireann – Aontroim v Loch Garman – 24/8/2013
Comhgairdeas do Aontroim agus gach rath sa chluiche ceannais!! Rinne siad éacht iontach i nDurlas Éile ar an Sathairn nach raibh éinne ag súil leis, mé féin san áireamh. Cé go bhfuair Loch Garman an chéad scór, fuair Stephan McAfee cúl, tar-éis botún tubaisteach ó Brian Murphy nuair a sciorr an sliotar fliuch as a lámh, agus bhí Aontroim chun tosaigh as sin go deireadh an chluiche. Rinne Loch Garman gach iarracht chun teacht ar-ais ach nuair a scóráil Ciaran Clarke an dara cúl do Aontroim, bhí sé soiléir go raibh Loch Garman i gcruachás. Bhí tús maith ag teastáil ó Loch Garman sa dara leath ach fuair Aontroim an chéad scór agus chuaigh siad ó neart go neart agus bhí na cosainteoirí ar fheabhas sa dara leath sin nuair a bhí Loch Garman ag déanamh tréaniarracht chun an cluiche a shábháil. Is mór an trua nach raibh níos mó daoine as Aontroim ann chun an lá speisialta a cheiliúradh ach bhain an grúpa beag a bhí ann an-taitneamh as an ócáid stairiúil. An scór ag an deireadh ná 2-15 in aghaidh 1-16.
Níor éirigh ga maith le míonúirí na Gaillimhe trí bliana ó shin agus bhí a fhios acu go raibh plean ag teastáil chun stop a chur le buachaillí an Chláir, atá ag imirt ar fheabhas i mbliana. D’éirigh go maith leis an bplean sa chéad leath. Choimeád siad gach rud teann agus níor thug siad spás ar bith do Tony Kelly, Podge Collins agus a leithéid chun na ruathair a dhéanamh. An scór ag leathama ná An Clár 0-5 Gaillimh 0-3. B’fhéidir nach raibh an fuinneamh céanna ag imreoirí na Gaillimhe sa dara leath chun iarracht ollmhór a dhéanamh arís ach thosaigh na spásanna ag oscailt i ndiaidh leathama agus nuair a fuair Cathal O’Connell cúl tar-éis ceithre nóiméid, thosaigh An Clár ag rith tríothu agus ní raibh ach toradh amháin i ndán dúinn. Chaill siad Aaron Cunningham roimh leathama agus is cosúil nach mbeidh sé ar-ais in am don gcluiche ceannais ar an 14ú Meán Fómhair. Bhí David McInerney ina rí arís mar lánchúlaí agus d’imir gach duine acu go maith, go háirithe sa dara leath. Beidh díomá ar lucht leanta na Gaillimhe leis an dtoradh ach tá a fhios acu gur grúpa speisialta iad buachaillí an Chláir agus beidh sé deacair iad a stopadh sa chluiche ceannais.
Leave a comment