Iomáint-Camanachd Idirnáisiúnta – Cluiche 1- Eire v Albain
Cluiche taitneamhach go leor go háirithe sa chéad leath. Bhí Éire beagán chun tosaigh ó thús an cluiche. Thug Brendan Maher sárthaispeántas mar leath chúlaí láir.
Bhí Neil McManus, Shane O Neill agus Cahir Healy an-fheicéalach freisin. Tar éis bua easca d’Éire anuraidh bhí mé den tuairim go mbeadh athrú nó dhó sna rialacha.
Ní ceart go mbeadh cead ar na hÉireannaigh dul ar ruathar. Seans go mbeidh áiféala ar na hÉireannaigh leis an méid seansanna a chuir siad amú.
Throid na hAlbanaigh go fíochmhar sa dara leath a d’fhág 6 chúilín idir na foirne sa deireadh. Ní leor é sin mar farasbarr agus Éire ag taisteal go Páirc Bucht an deireadh seachtaine seo chugainn.