Feeds:
Posts
Comments

Archive for the ‘GAA BEO’ Category

Cluiche Ceannais Chill Chainnigh – Clárach V Carraig Seabhac

Cathal Moore

Cathal Moore

Cluiche taitneamhach go leor cé nach raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte.  Ní raibh na coinníollacha iontach agus bhí an pháirc sleamhain.

D’fheabhsaigh an imirt sa dara leath.  Bhí  Clárach chun tosaigh ó thús an cluiche go dtí leath ama.

Ach fuair Brian Donovan cúl cinniúnach díreach roimh leath ama chun na scóranna a chothromú.

Beidh áiféala ar Charraig Seabhac nuair a fhéachann siad siar ar an gcluiche seo. Ghéill siad uathu an iomarca pocanna saor go leor acu an-bhog.

D’aimsigh Keith Hogan deich gcúilín i rith an chluiche do Chlárach.  7 gcinn a d’aimsigh sé ó phocanna saor.  B’shin an difríocht idir na foirne sa deireadh

Éacht déanta ag Clárach gan amhras lena gcéad craobh ó 1986.  Lester Ryan a scóráil an cúl cinniúnach inniú ó phoc saor nuair a bhí an cuma ar an scéal go mbeadh an bua ag Carraig Seabhac.

D’imir Neal Prendergast agus David Langton thar cionn i measc na gcosantóirí.  Níl cluiche caillte ag Clárach le dhá bhliain anois agus 6 chorn buaite acu ar an mbealach.  Má bhuaileann siad Abhlairt an Bealach an Domhnach seo chugainn is dóigh liomsa go bhfeicfear iad i bPáirc an Chrócaigh ar an 17ú Márta san athbhliain.

Read Full Post »

Cathal Moore

Cathal Moore

Iomáint-Camanachd Idirnáisiúnta – Cluiche 1-  Eire v Albain

Cluiche taitneamhach go leor go háirithe sa chéad leath.  Bhí  Éire beagán chun tosaigh ó thús an cluiche.  Thug Brendan Maher sárthaispeántas mar leath chúlaí láir.

Bhí Neil McManus, Shane O Neill agus Cahir Healy an-fheicéalach freisin.  Tar éis bua easca d’Éire anuraidh bhí mé den tuairim go mbeadh athrú nó dhó sna rialacha.

Ní ceart go mbeadh cead ar na hÉireannaigh dul ar ruathar.  Seans go mbeidh áiféala ar na hÉireannaigh leis an méid seansanna a chuir siad amú.

Throid na hAlbanaigh go fíochmhar sa dara leath a d’fhág 6 chúilín idir na foirne sa deireadh.  Ní leor é sin mar farasbarr agus Éire ag taisteal go Páirc Bucht an deireadh seachtaine seo chugainn.

Read Full Post »

Cathal de Mórdha – Cluiche Ceannais F-21 B

Cill Dara V Ciarraí

Cathal Moore

Cathal Moore

Cluiche taitneamhach go leor cé nach raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte.  Bhí Cill Dara chun cinn go dtí am breise.  I ndáiríre ba cheart go mbeadh an bua acu sa deireadh.  D’imir siad beagán níos fearr agus d’éirigh leo ceithre chúl a fháil ach d’fhan Ciarraí sa chluiche fiú nuair a chaill siad Thomas Casey de bharr cárta dearg.  D’fhreagair siad gach cúl le scór.  Choinnigh an lán tosaí Padraig Boyle iad sa chluiche.  B’é a scóráil an cúl cinniúnach san am breise.  D’imir Brendan Brosnan, Brendan O Leary, Daniel Collins agus Paul McGrath an-mhaith dóibh freisin.

Bhí Cill Dara croíbhriste ach thug an déagóir Niall Kenny sárthaispeántas dóibh.  D’aimsigh sé 2-03 ón imirt.  Bhí an cúlbáire Paddy McKenna ar fheabhas freisin.  Mar sin craobh B eile do Chiarraí agus gan ach cluiche ámháin acu.  Ba cheart don CLG rud éigin a dhéanamh faoi sin.

 

Cluiche Ceannais A – An Clár V Aontroim

Bhí an cluiche seo thart tar éis ceathrú uair a chloig agus an Clár imithe deich gcúilíní chun cinn.  Bhí Aontroim buailte ar fud na páirce agus is deacair a rá go ndearna an léasadh seo maitheas ar bith d’iománaíocht sa Tuaisceart.  Léirigh an Clár luas aisteach arís agus Bhí an líne lántosaigh de Cathal O Connell, Shane O Donnell agus Davy O Halloran ar fheabhas ar fad.  Baineadh David McInerney, Colm Galvin, Tony Kelly agus Padraic Collins luath sa dara leath ach bhí an cluiche thart mar choimhlint faoin am sin.  Éacht déanta ag an gClár le dhá chraobh buaite as a chéile.  An bhfanfaidh na Roghnóirí chun tabhairt faoi chraobh eile an bhliain seo chugainn?

Cathal Moore, blog GAA BEO

 

Read Full Post »

Tar éis ceithre babhta den scoth le roinnt mhaith torthaí suimiúil iontu tá gach foireann i Roinn 1A fós san iomaíocht chun chéim chun tosaigh agus chéim chun deiridh a thógaint! Tá Port Láirge ar bharr (cé a chreidfí) agus an Ghaillimh ar bhun gan ach dhá phointe eatarthu, Casfaidh siad ar a chéile an Domhnaigh seo chomh maith le Cill Chainnigh vs Corcaigh agus Tiobraid Árainn vs An Clár. ‘Super Sunday’ atá ann gan dabht!

Níl ach cluiche amháin buaite ag Corcaigh agus tharla sin sa chéad seachtain agus iad ar fheabhas i gcoinne Tiobraid Árainn. Fós féin tá dhá chomh scór aimsithe acu agus beidh siad ag súil le bua a fháil ar na cait. Tá dhá chluichí buaite acu siúd ach d’fheadfá rá gur thug siad taispeántais níos fearr sna chluichí atá caillte acu! Beidh áthas orthu leithéidí Michael Rice, Michael Fennelly agus Walter Walsh a fháil tharr n-ais ach tar éis dóibh Paul Murphy agus Jackie Tyrell a chailliúint de bharr gortaithe tá an seomra éigeandála dhubh le othair, Henry Shefflin, T.J Reid agus Cillian Buckley ina measc. Tá Lester Ryan agus Ger Aylward ag socrú isteach go deas agus bíonn chontúirt ag baint le Richie Hogan, Eoin Larkin agus Aidan Fogarty i gcónaí. Beidh Brian Cody ag iarraidh taispeántais iomlán óna chuid imreoirí chun a bheith chinnte go mbainfidh siad an cluiche leathcheannais amach.

Tá roinnt mhaith athraithe tagtha ar foireann Corcaigh le blianta anuas agus, mar a dingeadh i 1999 tá béim cuartha ag an óige ag Jimmy Barry Murphy. Is iománaí den scoth é Conor Lehane agus caithfear a bheith tógtha le taispeántais Lorcán McLoughlin chomh maith. Tá cruinneas faoi leith ag Pat Horgan agus cuir é sin leis an All star atá ag cúl báire Anthony Nash agus an taithí atá ag Pa Cronin agus Tom Kenny agus feictear go bhfuil painéil cumasach ag JBM. Tar éis sraith réasúnta mhaith a thug tuilleadh taithí dóibh mar foireann, rud a bhí ag teastáil, beidh siad san iomaíocht sa Craobh níl aon amhras faoi sin. É sin ráithe ní dóigh liom go mbeidh dhóthain acu chun an bua a fháil anseo fiú go fhéadfadh sé bheith ghearr!

Verdict: Cill Chainnigh

Hugh Breathnach

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz – Roinn 1, Babhta 4 – Cill Dara v Ath Cliath  – 10/3/2013

Tomás Ó Flatharta

Tomás Ó Flatharta

Ceithre bhua as cheithre chluiche agus iad ag feabhsú gach seachtain. Bhí Áth Cliath go h-iontach i gcoinne Chill Dara i bPáirc an Chrócaigh. Dhéanadar scun scan do leaids na geansaithe bána sa dara leath.

Cúpla rud faoi na Dubs. I dtosach, táid óg, aclaí agus faor caide orthu. Tá stíl mhaith acu, bogann siad an chaid an-thapaidh suas an pháirc agus tugann siad ana thacaiocht dá chéile.  Bhíodar go hiontach i lar a’ ghoirt, áit inar bhuadar an chuid is mó dos na ciceanna amach.  Tá’s againn cé chomh maith is atá leithéidí Brogan, O’Carroll agus Connolly ach i mbliana tá leaids iontacha óga faighte acu i Cooper, McCaffrey agus Kilkenny. Tá Alan Brogan, James McCarthy, Philly McMahon, agus Kevin Nolan fós le teacht thar nais, agus mar sin beidh sé spéisiúil cén cúigear déag a thosnóidh sa chraobh dóibh.

Beidh Cill Dara thar a bheith díomách leis an slí inar buadh orthu. Bhi an chaid acu go minic sa chéad leath ach bhí sé do cheart acu níos mó scóranna a bheith faighte acu. Beidh orthu féachaint athuair ar a bplean cosanta mar tá a gcúlaithe ag tabhairt an iomarca spáis dos na tosaithe. Áit eile go mbeidh orthu feabhsú ná na ciceanna amach, mar nílid á mbuachaint. Dhéan Johnny Buckley Chiarraí an diabhal ina gcoinne an tseachtain seo caite agus do dheineadh slad orthu leis na ciceanna amach arís inniu. Muna bhfuil siad ábalta a gciceanna amach féin a bhuachaint beidh sé deacair dóibh scóranna a fháil .Cé gur droch lá a bhí ann dóibh inniu, ábhair dóchais dóibh é go bhfuaireadar dhá bháide arís.

Agus cad faoi Garryowen Chiarán Kilkenny? Ní minic a fheiceann tú a leitheid sin do scór.

Tomás  Flatharta, blog GAA Beo

Read Full Post »

Cluiche Ceannais Corn Mhic Giobúin – Coláiste Mhuire Gan Smál v Coláiste na hOllscoile, Corcaigh 2/3/2013

Cathal Moore

Cathal de Mórdha

An scéal is mó roimh an gcluiche seo ná go raibh cead faighte ag Conor Cooney imirt le Coláiste Mhuire gan Smál. Ba mhór an buntáiste dóibh freisin nuair a d’éirigh le Declan Hannon ina achomharc.

Le bheith fírinneach bhí caighdeán na himeartha íseal go maith go háirithe sa chéad leath. Bhreatnaigh na himreoirí tuirseach go maith tar éis na cluichí leathcheannais an lá roimhe.

D’imir Corcaigh níos fearr agus bhí an bua tuillte acu sa deireadh. Bhí na fir mhóra William Egan, Dara Fives agus Conor Lehane an-fheicéalach i rith an chluiche. Fuair siad tacaíocht iontach ó Paul Haughney, Brian O’Sullivan agus an ionadaí Adrian Breen. Thug an captaen Darren McCarthy sár-thaispeántas sa chúl freisin.

Beidh Coláiste Mhuire Gan Smál díomách ach ba léir ón tús nach raibh an fuinneamh acu mar gheall ar an iarracht a chuir siad isteach i gcoinne WIT an lá roimhe. Ní fhaca John Conlon morán den imirt agus chríochnaigh sé gan scór ón imirt. D’fhág siad beirt sa líne lán tosaigh ach níor éirigh leo leis an bplean sin. Níl aon amhras ach go raibh seansanna acu ach tháinig na cúil ró-dhéanach. Is féidir leo imirt níos fearr agus beidh lá eile acu. Ba mhór an eacht an cluiche ceannais a shroichint. D’aimsigh Conor Lehane 1-9 agus b’é an difríocht idir na foirne ag deireadh an lae.

Cathal de Mórdha, blog GAA Beo

Read Full Post »

Sraith Peile Allianz, Babtha 2

Ciarraí ———- 0-04  1-11 ———- Ath Cliath

24 ———- Cic Amach Iomlán ———- 09

19 ———- Cic Amach Buaite ———- 12

118 ———- Pas Láimhe ———- 133

47 ———- Pas Coise ———- 74

36 ———- Cic Saoire Géilte ———- 34

4 ———- Scóranna ———- 12

5 ———- Seachaí ———- 12

5 ———- Cárta Buí ———- 2

0 ———- Cárta Dearg ———- 1

Read Full Post »

Craobh Club A.I.B. Cluiche Leathcheannais na gClub

Cill Chormaic ——–1-20 1-14——- Na Sáirséalaigh

29 ———- Poc Amach Iomlán ———- 27

29 ———- Poc Amach Buaite ———- 26

0 ———- Poc Amach Gear ———- 2

29 ———- Poc Amach Fada ———- 25

11 ———- Poc Saor Géilte ———- 16

21 ———- Scóranna ———- 15

8 ———- Seachaí ———- 14

0 ———- Cárta Buí ———- 2

0 ———- Cárta Dearg ———- 0

Read Full Post »

There are seven teams left in this years AIB club championship. This week on blog GAA beo we decided to take a look at the contenders for the Tommy Moore cup. It is still early enough in the competition to make some money from picking the winner so now seemed like the perfect time for this.

1) Thurles Sarsfields

The thirty two times Tipperary champions, have never managed to win the Munster championship never mind the All Ireland. This year appears to be different though, even before their Munster semi final win over Sarsfields of Cork all the talk was of capturing the Munster title. Tipperary made a slightly earlier than usual exit from the championship this year and that has helped to galvanize the squad. Another plus for Sars is the return to form of one Lar Corbett  if his goal two weeks ago is anything to go by he is very close to being back to his best. The release of his book has been a welcome distraction and he has scored a goal in both games he has played since its release. With Michael Cahill, Pa Bourke and team captain Paudie Maher driving this team on All Ireland glory is a real possibility for this team. Lack of experience when it comes to the later stages of the competition would be their biggest stumbling block.

Next opponents : De La Salle in the Munster final

Odds: 11/4

2) Ballyhale Shamrocks

As you would might expect the Kilkenny champions Ballyhale Shamrocks are the bookies favorites to be walking up the steps of the Hogan stand next March. Two weeks ago they claimed their 14th County title, with a less than sensational win over Dicksboro. Shefflin missed two penalties and failed to score from play but they still had too much for the second best team in Kilkenny (a scary statement in its self) . With the Fennelly brothers and James “ Cha” Fitzpatrick, they will prove very hard to beat, but they might just fall short against Thurles Sarsfields should they meet.

Next opponents: Oulart- The- Ballagh in the Leinster Semi final

Odds: 9/4

3) Loughgiel Shamrocks

Last years surprise winners of the All Ireland are back again to prove what they did last year was no fluke. While every All Ireland is great to win, they won last years one with out beating any of the big teams. They beat first time Limerick Champions Na Piarsaigh in the All Ireland semi and first time Leinster champions Coolderry in the final. Winning an All Ireland with out beating a Tipp, Cork or Kilkenny team on route will always be seen as “a handy one”. Having beaten St Patricks of Down in the Ulster final by 18 points the team will be in high spirits but like every team coming out of Ulster it is very hard to judge them with out seeing them play a team from down the south.

Odds: 7/2

4) De La Salle

The 2010 Munster club champions, blasted through the Waterford championship beating Dungarvan 1-21 to 12 points in the final. Their Munster semi was a much closer affair and they were lucky to get out of Sixmilebridge with a win thanks to an injury time John Keane goal.  John Mullane is the key man for De la Salle and the five time All Star has been excellent so far this year and as with Waterford when he plays well, the team play well. Kevin Moran and the O’ Mahony’s will also have a big say on how far their team progress. If De La Salle can get past Thurles next Sunday they could have a major say in the competition. The Waterford city boys have never lost a Munster championship game so playing at this level of competition will not phase them.

Next opponents: Thurles Sarsfields in the Munster final

Odds: 15/2

5) St Thomas

St Thomas’s survived the battle of Salthill last weekend and after getting through that they will be full of confidence. They will not face a tougher physical battle for the rest of the year. Any team with six brothers on the panel is always going to be a close knit group and they showed that through out the championship. After losing their first game of the championship to last years Galway champions Gort, St. Thomas’s have gone seven games undefeated. County players David Burke, Conor Cooney, James Regan and Darragh Burke make up the back bone of the side. The Galway representatives have traditionally been very strong in the latter part of the All Ireland series. Galway club champions have won the All Ireland more than any other county champions, wining it eleven times in total.

Odds: 11/2

6) Oulart the Ballagh

The Wexford champions breezed through their county championship, winning all eight games to claim their tenth county title and third in a row. In the Leinster semi final under terrible conditions, Oulart started excellently against the Dublin champions Kilmacud Crokes. They faded badly in the second half and were lucky to hold on in the end. They had eight players on the Wexford squad that were knocked out of this year’s championship by Cork. Six of them started Paul Roche, Keith Rossiter, Darren Stamp, David Redmond, Garrett Sinnott, Rory Jacob. Eoin Moore and Shaun Murphy were on the bench that day. They face a huge challenge against Ballyhale on Sunday, and it is hard to see them going any further in the championship. However it is when a Wexford team is written off , is when they are at their most dangerous.

Next opponents: Ballyhale Shamrocks in the Leinster Semi final

Odds:  10/1

7) Kilcormac/Killoughey

The Offaly champions are the ranked outsiders to be celebrating come March 17th despite the fact they are already in the Leinster final. They have come through the easier side of the Leinster championship avoid both the Kilkenny and Wexford champions. In their last game they came from four points down with fifteen minutes to go to win by four points. This is the club’s maiden voyage into the All Ireland championship as they had never won the county before this year. The experience of making a Lenister final will be invaluable to them but Ballyhale/ Oulart the Ballagh will have too much for them on the day.

Odds: 14/1

Paul Jenkins, blog GAA Beo

Read Full Post »

Cluiche Ceannais Sinsir na mBan – Ciarraí v Corcaigh

Máire Ní Bhraonáin

Tá corn Breandán Uí Mháirtín ar ais i gCorcaigh don seachtú uair taobh istigh de hocht mbliana Dé Domhnaigh seo caite. Bhí an lámh in uachtar ag Corcaigh i bPáirc an Chrócaigh i gCluiche Cheannais Sinsir na mBan.
Chas an dá fhoireann seo le chéile i gcluiche cheannais na Mumhan níos luaithe i mbliana agus bearna sé chúilín a bhí eatarthu an lá sin.
Ní féidir a shéanadh ach gur thriail Ciarraí cúpla rud a athrú ón lá sin. Chuir siad strátéas cosanta i bhfeidhm in aghaidh na Gaillimhe agus cé gur oibrigh sé dóibh don chluiche sin, ní mar sin a tharla sé ar an lá mór. Bhí dul amú orthu dá gceapadís nach mbeadh freagra ag Corcaigh nó nach mbeidís ag teacht i dtír ar an spas agus saoirse bhreise a bhí ag a leithéidí Geraldine O’Flynn agus Breege Corkery.
Thug tacticí Chiarraí deis do Chorcaigh a gcuid ionsaí a thosú óna líne leath chúl. Tharla nach raibh ach beirt sna tosaithe ag Ciarraí don chuid is mó den chluiche. I lár páirce, bhí an lámh uachtar ag Juliette Murphy agus Norita Kelly agus níor scoileadh móran pasanna ar strae i rith an lae. Ní raibh coimhlint mhór le feiceáil in aon áit ar an bpáirc agus is dócha gur chabhraigh saoirse na páirce le Corcaigh. Ní raibh sé easca do Louise Ní Mhuireachtaigh lámh nó cos a leagan ar an liathróid. Thaitin an liathróid ard a bhí seolta isteach ag Ciarraí, le Bríd Stack agus Deirdre O’Reilly agus is beag seans a thug siad do thosaitheoirí Chiarraí.
Is mór an trua gur fhan Lorraine Scanlon istigh sa líne lán tosaigh nuair nach raibh soláthar liathróide ag teacht ina treo ó lár na páirce.
Ghlac Valerie Mulcahy scóranna ó chiceanna saoire ag póintí áiríthe i rith an chluiche agus ag leath ama bhí Corcaigh seacht gcúilín chun tosaigh.
Thaipeáin Corcaigh an neart a bhí sa phainéal nuair a thosaigh Doireann O’Sullivan don chéad uair sa chraobh i mbliana agus fuair sí ceithre cúilín. Is í an cheist anois ná an mbeidh aon fhoireann in ann stop a chur le Corcaigh I 2013? An scór deiridh, Corcaigh 0-16 Ciarraí 0-7.

Cluiche Ceannais Idirmhéanach na mBan – Ard Mhacha v Port Láirge
Bhí an bua ag Ard Mhaca in aghaidh Phort Láirge i gluiche cheannais idirmhéanach na hÉireann le seacht gcúilín eatarthu sa deireadh. Thaispeáin Ard Mhaca árd chaighdeán imeartha sa chluiche seo ach caithfear a admháil go raibh sé dochreidte gur bhuaigh siad le seacht gcúilín cé gur chuir siad aon iarracht ‘s fichead ar foiréail i rith an chluiche. Thosaigh an dá fhoireann go scioptha agus níor thóg sé i bhfad ar Michelle McGrath a céad scór a aimsiú.
D’oibrigh Ard Mhaca le deiseanna maithe a chruthú ag tús an chéad leath. Nuair a bhuail iarracht Caroline O’Hanlon an trasnán, ní raibh aon fhaitíos ar Shauna O’Hagan é a chríochniú sa chúl. Cé gur aimsigh Hannah Landers, imreoir óg na nDéise cúl í féin, bhí an chuid is mó den seilbh ag mná Ard Mhaca sa chéad leath. D’oibrigh Linda agus Aileen Wall go crua sna tosaithe ach níor tugadh an saoirse céanna dóibh ‘s a bhí acu sa chluiche leath cheannais. Caithfear a admháil gur ionspráideach an taispeántas a thug an lán culaí Laura Brown ó thús an chluiche. Bhí sí an-éifeachtach agus is í a fuair laoch an chluiche. Bhí smacht ag Ard Mhaca ar an gcluiche i gcónaí agus chinntigh Catherine McAlinden nár tháinig Port Láirge ar ais sa chluiche. Cé gur bronnadh cic eirice ar Phort Láirge agus cúpla seans ar chúl, níor éirigh le na Déise an bhearna a laghdú.
Is cinnte go mbeidh díoma ar na cailíní ó Phort Láirge ach ag ní féidir a shéanadh go raibh an seilbh na liathróide i lamha Ard Mhaca d’fhormhór an chluiche. Bhuail Corcaigh le cúilín iad i gcluiche cheannais na hÉireann i 2006 ach beidh siad ar ais sa ghrád sinsear an bhliain seo chugainn. An scór deiridh ná Ard Mhaca 1-12 Port Láirge 1-5

Cluiche Ceannais Sóisir na mBan – An Lú v  Aontroim

Bhí neart daoine den tuairim go mbeadh Co Lú in ann an cluiche leathcheannais a bhucaint gan stró. Níl aon dabht ach go raibh neart taithí ag an dá fhoireann seo. Bhuail siad Uibh Fháilí sa chluiche leath cheannais  agus bhuail siad Aontaoim le naoi bpointe níos luaithe i mbliana. Ach ba iad mná Aontroma a ndeachaigh abhaile leis an gcorn soisear don dara uair taobh istgh de cheithre bliana. Bhí tús láidir ag Aontroim, cé gur thosaigh siad in aghaidh na gaoithe. Thug Anna Finnegan, Mairéad Cooper agus Kirsty Mc Guinness an-taispeántas agus Ciara McCoy sa chúl, agus bhí gradam do laoch an chluiche tuillte go maith aici
Chabharaigh an cic eirice sa chéad leath a bhí scóráilte ag McGuinness ach ba bhuille chiniúnach a bhí ann do Chontae Lú mar chaill said Pearson nuair a fuair sí cárta buí. Ghoill sé go mór orthu nuair a bhí orthu athrú a dhéanamh ag an bpointe sin den chluiche.
Ag leath ama, bhí Aontroim chun tosaigh le 2-3 in aghaidh 0-2. Fuair Anna Finnegan cúl ansin. Bhí sé an-deacair do Chontae Lú teacht ar ais ansin. Bhí strátéisí maithe in úsáid ag Aontroim. Bhog siad an liathróid go scioptha, chuir siad pasanna an-chruinn isteach i dtreo na tosaitheoirí. Bhí an Lú ag braith ar a léithéidí Ann-Marie Murphy agus Marie O’Connell, beirt le neart taithí. Thriail Rosanna Heeney, Ann-Marie Murphy cúl a fháil deireanach sa dara leath ach níor éirigh leo. Tugadh cárta buí do Mhairáad Cooper ach níor chuir sé isteach ar éacht an lae. Thug mé faoi deara gur patrún an lae a bhí ann i slí amháin mar fuair Louise Ní Mhuireachtaigh cárta buí ag deireadh an chluiche cheannais Sinsir freisin. Tarlaíonn sé go minic go n-eascraíonn frustrachas agus lagmhisneach ag deireadh chluiche nuair a éiríonn sé aon-taobhach. Ba mhór an bhearna a bhí idir na foirne Bhuaigh Aontroim an corn Soisear i 2009 agus sa ghrád idirmhéanach a bheas siad ag imirt an bhliain seo chugainn. An scór deiridh Aontroim 3-9, An Lú 0-7.

Máire Ní Bhraonáin, blog Peil na mBan BEO

Read Full Post »

Older Posts »