LAOCHRA GAEL – Clár 1 Eddie Brennan
Lá Vailintín 14ú Feabhra 2013 TG4 @ 20:00
Bhuaigh Eddie Brennan ocht mbonn sinsir Uile Éireann Iomána le Cill Chainnigh idir na blianta 2000 agus 2011, agus é mar chrá croí ag cosantóirí agus ag cúlbáirí ó cheann ceann na tíre. Agus é éirithe as an iomáint idirchontae anois, insíonn sé a scéal féin dúinn.
Thóg sé tamall air aon dul chun cinn a dhéanamh agus níor imir sé iomáint fé 18 le Cill Chainnigh. Bhuaigh sé a chéad bhonn Uile Éireann leis an bhfoireann fé 21 i 1999 agus insíon sé dúinn faoi cé chomh diongbháilte is a bhí sé a gheansaí a choimeád an lá úd! Deir sé linn chomh maith faoin gceacht crua a fuair sé ar a chead lá craoibhe sinsir in aghaidh Átha Cliath. Tá cur síos mion aige ar na laethanta maithe agus ar na droch laethanta – cé nach raibh mórán díobh sin ann! – le Cill Chainnigh, agus faoin slí go mb’éigean dó a chuid imeartha a athrú ar mhaithe na fóirne chun a áit a choimeád ar an bhfoireann. Chomh maith le Eddie féin, labhraíonn Michael Kavanagh, Donal O’Grady, agus Diarmuid Lyng.
Eddie Brennan won eight senior All-Ireland medals with his native Kilkenny between the years 2000 and 2011, and he terrorised defenders and goalkeepers throughout the country with his penchant for goalscoring.
Following his recent retirement from intercounty hurling, he shares his life story with us here. He was a late developer and didn’t represent Kilkenny at minor level but he won an under 21 All-Ireland medal in 1999, a day where he refused point blank to part with his jersey afterwards despite a serious injury.
He recalls his rude introduction to senior championship hurling against Dublin. He describes in detail the good days and bad days- far and few between! – in the Kilkenny jersey and how he had to alter his playing style and tactics in order to maintain his place on the team. As well as Eddie himself, there are contributions from Michael Kavanagh, Donal O’Grady, and Diarmuid Lyng.
(The Laochra Gael – ‘Eddie Brennan’ programme will be repeated on Sunday afternoon 17th February at 4.20pm on TG4.)
Laochra Gael is produced by Nemeton TV, based in An Rinn, Co Waterford.