Cathal de Mórdha – Cluiche Ceannais F-21 B
Cill Dara V Ciarraí
Cluiche taitneamhach go leor cé nach raibh caighdeán na himeartha thar moladh beirte. Bhí Cill Dara chun cinn go dtí am breise. I ndáiríre ba cheart go mbeadh an bua acu sa deireadh. D’imir siad beagán níos fearr agus d’éirigh leo ceithre chúl a fháil ach d’fhan Ciarraí sa chluiche fiú nuair a chaill siad Thomas Casey de bharr cárta dearg. D’fhreagair siad gach cúl le scór. Choinnigh an lán tosaí Padraig Boyle iad sa chluiche. B’é a scóráil an cúl cinniúnach san am breise. D’imir Brendan Brosnan, Brendan O Leary, Daniel Collins agus Paul McGrath an-mhaith dóibh freisin.
Bhí Cill Dara croíbhriste ach thug an déagóir Niall Kenny sárthaispeántas dóibh. D’aimsigh sé 2-03 ón imirt. Bhí an cúlbáire Paddy McKenna ar fheabhas freisin. Mar sin craobh B eile do Chiarraí agus gan ach cluiche ámháin acu. Ba cheart don CLG rud éigin a dhéanamh faoi sin.
Cluiche Ceannais A – An Clár V Aontroim
Bhí an cluiche seo thart tar éis ceathrú uair a chloig agus an Clár imithe deich gcúilíní chun cinn. Bhí Aontroim buailte ar fud na páirce agus is deacair a rá go ndearna an léasadh seo maitheas ar bith d’iománaíocht sa Tuaisceart. Léirigh an Clár luas aisteach arís agus Bhí an líne lántosaigh de Cathal O Connell, Shane O Donnell agus Davy O Halloran ar fheabhas ar fad. Baineadh David McInerney, Colm Galvin, Tony Kelly agus Padraic Collins luath sa dara leath ach bhí an cluiche thart mar choimhlint faoin am sin. Éacht déanta ag an gClár le dhá chraobh buaite as a chéile. An bhfanfaidh na Roghnóirí chun tabhairt faoi chraobh eile an bhliain seo chugainn?
Cathal Moore, blog GAA BEO
Leave a comment