Craobh Iomána BGE Fé 21 – Cluiche Leathcheannais na Mumhan – Port Láirge v An Clár – 18/7/2013
Tá sé deacair go leor cluiche ar bith a bhuachaint le foireann iomlán ach, nuair a chailleann tú imreoir, mar a tharla do Phort Láirge aréir nuair a fuair Paudie Prendergast an dara carta buí, rinne an cosainteoir breise an difríocht eatarthu. Taispeánadh é seo nuair a fuair Séadna Morey, leathchúlaí, an spás chun dul suas an páirc agus cúl cinniúnach a scóráil. Fuair Aaron Cunningham ceann eile tar-éis tamaill chun an cluiche a chríochnú ach thug cúl Morey an creideamh dóibh chun dul ar aghaidh. Bhí plean ag Port Láirge chun rudaí a choimeád teann agus d’oibrigh sé don chuid is mó. Bhí tosaí cúinne, Colin Dunford, ag cabhrú leis na leathchúlaithe agus bhí Darragh Fives ag clúdú taobh thiar dóibh. Bhí siad cuilín chun tosaigh ag leathama agus rinne siad go léir iarracht ollmhór sa dara leath ach d’oscail na spásanna suas do na Cláirínigh tar-éis do Prendergast an páirc a fhágáil agus bhí an taithí acu chun an jab a chríochnú. Fuair Tony Kelly buille den sliotar sa chéad leath agus bhí air éirí as ar an oíche. Tá súil ag gach éinne nach bhfuil an gortú ró-dháiríre. Beidh coimhlint maith idir An Clár agus Tiobraid Árann sa chluiche ceannais ar an seachtú Lúnasa.
Pat Fleury, blog GAA Beo
Thank you for the good writeup. It in fact was a amusement
account it. Look advanced to far added agreeable from you!
However, how can we communicate?