Feeds:
Posts
Comments

Archive for the ‘LAOCHRA GAEL’ Category

Bhuaigh Eddie Brennan ocht mbonn sinsir Uile Éireann Iomána le Cill Chainnigh idir na blianta 2000 agus 2011, agus é mar chrá croí ag cosantóirí agus ag cúlbáirí ó cheann ceann na tíre. Agus é éirithe as an iomáint idirchontae anois, insíonn sé a scéal féin dúinn.

Eddie Brennan won eight senior All-Ireland medals with his native Kilkenny between the years 2000 and 2011, and he terrorised defenders and goalkeepers throughout the country with his penchant for goalscoring.

TG4 14th FEBRUARY AT 8.00PM

Read Full Post »

LAOCHRA GAEL – Clár 1 Eddie BrennanEddie Brennan Galway v Kilkenny - Leinster GAA Hurling Senior Championship Final

Lá Vailintín 14ú Feabhra 2013 TG4 @ 20:00

Bhuaigh Eddie Brennan ocht mbonn sinsir Uile Éireann Iomána le Cill Chainnigh idir na blianta 2000 agus 2011, agus é mar chrá croí ag cosantóirí agus ag cúlbáirí ó cheann ceann na tíre. Agus é éirithe as an iomáint idirchontae anois, insíonn sé a scéal féin dúinn.

Thóg sé tamall air aon dul chun cinn a dhéanamh agus níor imir sé iomáint fé 18 le Cill Chainnigh. Bhuaigh sé a chéad bhonn Uile Éireann leis an bhfoireann fé 21 i 1999 agus insíon sé dúinn faoi cé chomh diongbháilte is a bhí sé a gheansaí a choimeád an lá úd! Deir sé linn chomh maith faoin gceacht crua a fuair sé ar a chead lá craoibhe sinsir in aghaidh Átha Cliath. Tá cur síos mion aige ar na laethanta maithe agus ar na droch laethanta – cé nach raibh mórán díobh sin ann! – le Cill Chainnigh, agus faoin slí go mb’éigean dó a chuid imeartha a athrú ar mhaithe na fóirne chun a áit a choimeád ar an bhfoireann. Chomh maith le Eddie féin, labhraíonn Michael Kavanagh, Donal O’Grady, agus Diarmuid Lyng.

Eddie Brennan won eight senior All-Ireland medals with his native Kilkenny between the years 2000 and 2011, and he terrorised defenders and goalkeepers throughout the country with his penchant for goalscoring.

Following his recent retirement from intercounty hurling, he shares his life story with us here. He was a late developer and didn’t represent Kilkenny at minor level but he won an under 21 All-Ireland medal in 1999, a day where he refused point blank to part with his jersey afterwards despite a serious injury.

He recalls his rude introduction to senior championship hurling against Dublin. He describes in detail the good days and bad days- far and few between! – in the Kilkenny jersey and how he had to alter his playing style and tactics in order to maintain his place on the team. As well as Eddie himself, there are contributions from Michael Kavanagh, Donal O’Grady, and Diarmuid Lyng.

(The Laochra Gael – ‘Eddie Brennan’ programme will be repeated on  Sunday afternoon 17th February at 4.20pm on TG4.)

Laochra Gael is produced by Nemeton TV, based in An Rinn, Co Waterford.

Read Full Post »

CLÁR 10 – DECLAN BROWNE – TIOBRAID ÁRANN

Thursday 7th June at 22.00 on TG4

Repeat: Sunday 10th June at 21.00 on TG4

Tipperary’s Declan Browne, a footballing genius in a hurling stronghold, he would become Tipperary’s first football All Star and lift the Tommy Murphy cup in 2005. Includes interviews with Mick O’Dwyer, Brendan Cummins and Dara Ó Cinnéide.

An Tiobradach Declan Browne, draoideoir peile i gcondae iomána, b’é an chéad Allstar peile as Tiobraid Arann agus é mar chaiptín ar fhoireann bhuacach Coirn Tommy Murphy i 2005. Tá Mick O’Dwyer, Brendan Cummins agus Dar Ó Cinnéide ar an gclár freisin.

Read Full Post »

CLÁR 7 – BRIAN CORCORAN – CORCAIGH

Déardaoin 17ú Bealtaine ag 22.00 ar TG4

Athchraoladh:  Dé Domhnaigh 20ú Bealtaine ag 21.00 ar TG4

Imreoir inspioráideach le Corcaigh idir 1991 agus 2006, d’imir Brian Corcoran thar cinn mar chosantóir agus mar thosach, ag buachaint trí bhonn Uile Éireann le hiománaithe Chorcaí, chomh maith leis an ngradam Imreoir na bliana faoi dhó. Beidh Donal O’Grady, Billy Morgan, Frank Lohan agus Nicky Cashin le clos chomh maith.

Thursday 17th May at 22.00 on TG4

Repeat: Sunday 20th May at 21.00 on TG4

An inspirational force in Cork GAA throughout the 90s and 00s dual player Brian Corcoran excelled as both a defender and a forward, winning 3 All Ireland’s with the Cork hurlers and 2 Hurler of the Year Awards. Includes contributions from Donal O’Grady, Billy Morgan, Frank Lohan and Nicky Cashin

Read Full Post »

CLÁR 5 – DJ CAREY – CILL CHAINNIGH – Déardaoin 3ú Bealtaine ag 22.00 ar TG4

Athchraoladh:  Dé Domhnaigh 6ú Bealtaine ag 21.00 ar TG4

B’é D J Carey as Cill Chainnigh duine dena hiománaithe ab fhearr riamh. Bhuaigh sé cúig bhonn Uile Éireann, naoi ngradam Allstar agus d’aimsigh sé 34-187 i 52 cluiche craoibhe- méid dochreidte. Beidh agallaimh le Brian Cody, Brian Whelahan agus Pat Fleury chomh maith.

Thursday 3rd May at 22.00 on TG4

Repeat: Sunday 6th May at 21.00 on TG4

Kilkenny’s D.J. Carey one of the greatest hurlers of all time, he won 5 All Irelands and 9 All Stars, was twice awarded Hurler of the Year and racked up an amazing tally of 34-187 in 52 championship games. Includes interviews with Brian Cody, Brian Whelehan and Pat Fleury.

Read Full Post »

CLÁR 3 – JIMMY BARRY MURPHY – CORCAIGH

Déardaoin 19ú Aibreán ag 22.00 ar TG4

Athchraoladh:  Dé Domhnaigh 22ú Aibreán ag 21.00 ar TG4

Jimmy Barry-Muphy- laoch peile agus iomána cois Laoi. Bhuaigh sé leathdhosaen Craobh Uile Éireann agus é mar bhainisteoir ar fhoireann bhuacach iomána Chorcaí i 1999. Beidh Brian Cody, Donal O’Grady, Billy Morgan agus John Allen le clos chomh maith

Thursday 19th April at 22.00 on TG4

Repeat: Sunday 22nd April at 21.00 on TG4

Jimmy Barry Murphy, the great Cork’s dual star, won 6 All Irelands and managed the Cork hurlers to another title in 1999. Includes interviews with Brian Cody, Donal O’Grady, Billy Morgan and John Allen.

Read Full Post »

CLÁR 2 – OISÍN MCCONVILLE – ARD MHACHA

Déardaoin 12ú Aibreán ag 22.00 ar TG4

Athchraoladh:  Dé Domhnaigh 15ú Aibreán ag 21.00 ar TG4

Buaiteoir Boinn Uile Éireann le Raonaithe na Croise agus Ard Mhacha, bhí Oisín McConville chomh maith le haon tosach eile lena linn, ach ní raibh  a shaol pearsanta chomh héasca céanna. Cloisimid a scéal féin agus cloisfear Joe Kernan, Peter Canavan, Jarlath Burns agus Dara Ó Cinnéide chomh maith.

Thursday 12th April at 22.00 on TG4

Repeat: Sunday 15th April at 21.00 on TG4

All Ireland Winner with Armagh and Crossmaglen Oisín McConville, was one of the outstanding forwards of his generation but life was much darker for Oisín off the football pitch. Includes interviews with Joe Kernan, Peter Canavan, Jarlath Burns and Dara Ó Cinnéide.

Read Full Post »

CLÁR 1 DAN SHANAHAN PORT LÁRIGE

Déardaoin 5ú Aibreán ag 22.00 ar TG4

Dan Shanahan, iomanaí na bliana 2007 agus duine dena tosaithe is spleodraí le deich mbliana anuas- an fear a d’aimsigh cúl is fiche- uilig ón imirt, sa gCraobhchomórtas. Cloisfear agallaimh le Seán Óg Ó hAilpín, Brendan Cummins agus Nicky Cashin chomh maith.

Thursday 5th April at 22.00 on TG4

Dan Shanahan, Hurler of the Year 2007 and one of the most exciting hurlers of the past decade, the Waterford player lit up the championship, summer after summer with a tally of 21 goals, all from play. Includes interviews with Séan Óg Ó hAilpín, Brendan Cummins and Nicky Cashin.

Read Full Post »

Read Full Post »

Read Full Post »

Older Posts »